Guth Ghoill, Eagrán 16
Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 3 An Seó Mór. Bhí an darna Seó Mór againn ar Dé Céadaoin an 20ú lá de Mhí an Mheithimh sa choláiste Gaeilge i nDoire a’Chasáin. Cuireadh trí dhráma i láthair ar stáitse an oíche sin agus caithfidh mé a rá go bhfuair na páistí tacaíocht mhór óna gcuid tuismitheoirí agus óna gcuid daoine muinteartha. Bhí an halla plódaithe go doras agus chuir rang a haon is a dó ó Scoil Naomh Bríd tús leis an oíche le “Bróga Briste Draíochta”. Dráma beag gairid a bhí anseo agus rinne na páistí jab iontach de. Tá moladh mór tuilte ag an mhúinteoir Aodán Ó Carrbháill agus ag Joy Nic Giolla Shionnaigh ar son na hoibre a chur siad isteach ann agus bhí sé deas an chomhoibriú idir na ranganna eile a fheiceáil, mar shampla: na cailíní as rang a cúig is a sé a chuidigh leo na cultacha a dhéanamh do na crainn. Sa darna dráma bhí rang Maura Mhic Laifeartaigh againn, sé sin rang 3 agus 4, agus rinne na páistí cur i láthair iontach den dráma ‘Teach Liam’ ina raibh taibhsí agus bean sí, vampires agus achan sórt ar stáitse agus bhí cuid don aisteoireacht thar barr. Rinne Maura agus Nuala Ní Gairbheith scoth na hoibre leis an dráma seo agus bhí na páistí uilig ullmhaithe go maith dó. Tá sé dochreidte an feabhas atá ag teacht ar na páistí i dtaca le haisteoireacht de agus beidh sé deas cuid acu a fheiceáil sa Phan- to níos moille sa bhliain.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3