Guth Ghoill, Eagrán 16

Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 4 Bhí oíche ar dóigh againn agus tugaim an moladh is airde do na páistí uilig a d’obair go crua ag foghlaim línte agus ag déanamh na gcleachtaithe. Maith sibh, agus tá súil agam go bhfeicfear ar an ardán arís sibh gan mhoill. Chuir Scoil Dhuibhlinn Riabhach deireadh leis an oíche leis ‘An Ghealach’ agus is é an rud a sheas amach sa dráma seo ná an méid ceoil a bhí ann. Moladh mór tuilte ag Súin Ní Ghallchóir ar son sin mar scríobh sí cuid de na hamhráin agus tá ard mholadh tuilte fosta ag na múinteoirí, Bríd Nic Giolla Choill agus Eileen Nic Giolla Bhríde a d’obair go díograsach leis na páistí sa dráma seo. Bhí achan fhocal de ghlan mheabhair acu trí seachtaine sula ndeachaigh siad ar stáitse leis.     Seo cuid den slua a bhí i láthair sa “Couper Institute” i nGlaschú ar an 13ú Iúil nuair a léirigh Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh an dráma “Peacadh Cholmcille” le Proinsias Ó Chuilinn. Ina measc tá bunadh Thír Chonaill, cainteoirí Gaidhlig na `hAlban agus daoine ó Roinn na Ceiltise in Ollscoil Glaschú.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3