Guth Ghoill, Eagrán 16

Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 5 Oíche Gaelach. Bhí Oíche Ghaelach againn sa “Harbour Bar” ar an 5ú lá Iúil. Chuir an file Pádraig Mac Suibhne (Patsy) tús leis an oíche agus is é an córas a bhí againn don oíche ná go mbeadh píosa ceoil againn i ndiaidh do Patsy dán a rá agus ansin bheadh dán nó agallamh beirte againn ó na páistí. Lean rudaí ar aghaidh mar seo don oíche agus caithfidh mé a rá gur bhain achan duine sult as. Eunan agus Pádraig a bhí ag seinm agus bhí cú- pla amhrán caite isteach sa phota anois is arís. Mar is gnáth ar na hoícheanta seo ba iad na páistí a sheas amach agus ní raibh focal le cluinstin a fhad is a bhí na dánta a rá acu. Rinne Alaín Pasoma ‘Seó na bpáistí’ a oscailt leis a n d á n “ A n F h a r r a i g e ” l e Caoimhín Mac A’ Bháird agus lean Ben Mac Giolla Bhríde agus Ruaidhrí Mac Conaglaigh é leis an dán “Micí Beag agus Seamaí Mór”. Cúpla dán eile ó Phatsy ansin agus thosaigh Roisín Ní Bhuaidhe agus Laura Nic Eiteagáin le hagallamh beirte. Cheoil Roisín píosa deas ceoil ansin. Rinne Máire solo ar an fheadóg stáin agus rinne Roisín solo ar an chonsairtín. Bhí amhránaithe speisialta ansin fosta, sé sin Rachael Ní Mhaonaigh agus Roisín Ní Bhuaidh agus chuidigh siad go mór leis an oíche. Tá rud amháin soiléir, níl easpa tallainne faoin cheantar. Sílim féin gur deis mhaith í oíche mar seo le cuidiú leis na páistí feabhas a chur lena gcur i láthair filíochta agus fosta le féin mhuinín a chothú iontu. Tá súil againn go mbeidh sibh uilig ansin chun tacaíocht agus éisteacht a thabhairt díofa nuair a bheas an chéad Oíche Ghaelach eile againn.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3