Guth Ghoill, Eagrán 16
Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 6 Deis Oideachais Cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge. Cúrsa Gaeilge páirtaimseartha in Áras Ros Goill, Na Dúnaibh. Is féidir an cúrsa a dhéanamh thar dhá bhliain nó, do dhaoine atá líofa sa Ghaeilge, thar bhliain amháin, agus ní gá cáilíochtaí a bheith agat. Tá na cúrsaí seo uilig faoi choimirce Ollscoil Mhic Aodha i nDoire, agus tá siad páirt - mhaoinithe ag Údarás na Gaeltachta. Cuirfear tús leis na ranganna sa tríú seachtain de Mheán Fómhair, 2007 agus dhá oíche sa tseachtain atá i gceist. Beidh oíche eolais in Áras Ros Goill i mí Meán Fómhair. Má tá suim agat sa chúrsa seo, cuir glaoch orainn in oifig Céim Aniar: Fón: 074 9154830 (9rn - 5in) Beidh muid ag déanamh píosa in eagrán eile ar Phádraig Mac Suibhne, an file, ach seo cúpla ceann dá chuid dánta le blás a thabhairt díobh don chineál saibhris atá ina chuid scríbhne- oireachta. Tá sé geallta ag Pádraig dúinn go ndéanfaidh sé cuir i láthair dúinn thíos sa Síbín Ceoil lá éigin agus tá mé cinnte nuair a tharlóidh seo go mbeidh slua ansin le fáilte cheart a chuir roimhe. Istigh Ionainn Féin Istigh ionainn féin atá an samhradh, gach líonadh agus gach trá; an gaineamh órga ar thrá Mhachaire Ghathlán, an ghrian ag dul a luí ar chúl Inis Meáin. Istigh ionainn féin atá an samhradh, má ’ s fearthainn, m ’ ás grian, m ’ ás grá. Istigh ionainn féin atá gach samhradh, a deirim leat arís, a bhean nach luaim; istigh ionainn féin atá gach samhradh, fiú samhradh nach raibh ann ariamh. Padráig (Patsy) Mac Suibhne. Aonarán Bhí síol ag sceitheadh go ciúin i gcúl m ’ aigne istigh, síol smaoinimh a thit i nganfhios mar a thiteann ó ghob an éin an chaor a fhágann an caorthann ar an uaigneas leis féin. An smaoineamh de shíor ag borradh san anam rúin istigh, ‘ sé a chuireann an tochas sna cosa leis an dúil ins an imigéin, is a fhágann an duine aonair ar an uaigneas leis féin. Dioplóma Sa Ghaeilge Seo pictiúr de chuid den rang ón chúrsa Dioplóma sa Ghaeilge a bhí ar siúl sna Dúnaibh i rith an gheimhridh i gcomhar le Ollscoil Mhic Aodha i nDoire. Glacadh an grianghraf ar lá Bronnta an Teastais i Halla Fóraim na Mílaoise i nDoire ar an 10ú lá de mhí Iúil. Ó chlé, ar chúl tá Cormac Mac Ualghairg, Cormac Mac Giolla Shionnaigh agus Emett Mac Ualghairg. Chun tosaigh tá Úna Uí Chéille, Áine Ní Shíoradáin, Nóirín Mhic Ualghairg (múinteoir an ranga), Annette Toye agus Sorcha Uí Ghallachóir. As láthair ar an ocáid bhí Antoine Mac Giolla Bhríde, Máire Anna Nic Aodh, Searón Ní Chonghaile, Déaglán Mac Laifeartaigh agus Cary Meehan. Comhghairdeas leofa uilig. Seo tairngreacht de chuid Naomh Cholmcille agus é ag cur in iúl dúinn go n-ardóidh leibhéal na farraige agus go mbeidh Ros Ceite faoi uisce. An bhfuil seo ag bagairt orainn anois ?
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3