Guth Ghoill, Eagrán 16
Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 7 ná sa lá agus go speisialta ag am iomlán gealaí. Chaith sí cóta fada dubh agus hata beag dubh agus bhí an mála dubh sin ina lámh aici. Chreid na páistí go raibh deirfiúr nó deartháir úr sa mhála aici nuair a tháinig sí chun an tí. Nuair a bhí sí i dtrioblóid le bean bhocht ar bith, chuir sí fá choinne an máinlia clúiteach sin “Mac Fhionnghaile” as Gleann a’tSuilí. Tá a lán scéalta fá Mháire agus a cuid othar. An ceann is fearr liom ná an scéal faoin mháthair a raibh seisear mac aici. Nuair a bhí an seachtú páiste á rugadh bhí gine réidh ag Máire le cur isteach i lámh an linbh. Ach nuair a rugadh an leanbh, cailín a bhí ann. Thosaigh Máire ag sciolladh, ag rá gur mhill an leanbh seo an “Seachtú Mac” agus na leighis uilig a tháinig leis. Phós Máire arís sa bhliain 1908 fear as Gleann a’ tSuilí, Tuathal Mac Daibhéid. Bhí triúr mac agus iníon amháin acu. Fuair an duine deireanach den teaghlach sin, Annie Cooke, bás ag Nollaig, 2005, ar dheis lámh Dé go raibh a hanam uasal. Iarscríbhinn : Má tá eolas ag duine ar bith fá Mháire bheinn buíoch dá gcuirfeá scairt orm ar 9137036. Go raibh maith agaibh. Máire Bhoyde. Sa chéad leath den chéad deireanach bhí aithne ag achan duine i bparóiste Mhíobhaigh ar Mháire Bhoyde. Bhí aithne ag na máithreacha agus ag na seanmháithreacha uirthi agus grá acu di, mar is dóibh a bhí sí ag tabhairt aire, cuidiú agus tacaíocht. Rugadh Máire sa Ghleann sa bhliain 1878. Dónal Devine an t-ainm a bhí ar a hathair agus Neilí Nic an tSaoir ab ainm dá máthair. Ba as Fánaid Neilí. De réir an staraí clúiteach sin as Ros Goill, tá sloinnte Mhic a’tSaoir uilig i bhFánaid muinteartha. Bhí deirfiúr amháin aici, Úna, agus deartháir, Tom. Chuaigh an triúr acu ar scoil in Umlach. Ins an am sin cuireadh béim ar léitheoireacht, scríbhne- oireacht agus uimhríocht. ‘Sí an múinteoir a bhí acu ná S. Bean Dennison. Bhí Máire breá maith ar scoil agus bhí dúil mhór aici ann. Tháinig an teaghlach a chónaí i nDroim na Móna, idir Carraig Airt agus Teach a’ Phobail. Cha ndeachaigh aon duine acu ar fostú sa Lagán mar bhí obair go leor acu ar an fheirm. Bhí an teach i gcónaí lán, agus bhí pota mór súp ar thaobh na tine a bhí déanta le cnámha maithe ó Phaidí Ruaidhrí, an búistéir i gCarraig Airt. Nuair a bhí Máire fiche bliain d’aois pósadh i ar John Doherty as Carraig Airt. Bhí fear eile darbh ainm John Doherty agus bean, Máire Nic Suibhne ina bhfianaisí leis an phósadh. Bhí beirt iníon acu, Máire agus Úna. Fuair John bás go tobann agus fágadh Máire ina baintreach. ‘Sé an dochtúir a bhí ann ag an am ná An Dochtúir Cristie, an fear a thóg an teach deas sin “Roy View”. Chonaic sé an cumas a bhí i Máire agus shíl sé go ndéanfadh sí cnáimhseach (midwife) mhaith, agus rud eile, bhí a fhios aige go raibh gá mór dá leithéid sa pharóiste. Roimhe sin ní raibh duine ar bith traenáilte le cuidiú le mná a raibh tinneas clainne orthu agus ní raibh aon duine leis an chúram ceart a thabhairt dóibh roimh an bhreith ná ina dhiaidh. Fuair an Dochtúir Cristie áit do Mháire sa “Royal Infirmary” i nGlaschú. D’fhág sí an bheirt leanbh lena deirfiúr agus d’imigh sí go Glaschú ar an bhád “An Carraig Airt” ó Ramhrás. Bhí dúil mhór aici san ospidéal agus sa traenáil. Bhain sí céim amach agus glacadh an pictiúr seo ar an lá . Thosaigh sí ag obair sa pharóiste thart fán bhliain 1905. Bhí sí iontach gnóthach mar ba é sin an t-am a raibh teaghlach mór in achan teach. Bhí Stáisiún an Gharda Cósta ann agus bhí an iascaireacht ag dul go maith ag an am. Bhí sí amuigh níos mó san oíche
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3