Guth Ghoill, Eagrán 16
Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 8 Bhí suim agus spéis i gcónaí ag muintir Ros Goill i dTobar an Dúin agus Caisleán na dTuath agus tá beagán eolais tugtha anseo faoi Thobar an Dúin. Déanfaidh mé cur síos ar Chaisleán na dTuath sa chéad eagrán eile. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as agus sibh ag tabhairt cuairt ar na háiteanna seo amach anseo. Is é seo an tobar is mó cliú agus cáil i dTír Chonaill. Deir siad go bhfuil leigheas don chorp agus don intinn le fáil ón uisce ag Tobar a’ Dúin. Tá fianaise ann gur ionad réamh-Chríostaíochta í seo. • Tá tochar (sean-bhealach adhmaid) ag reachtáil faoin seascán in aice le Tobar a’Dúin. • Fuarthas iarsmaí ón aois Cré-Umha in aice leis an tobar. • D’ú sáidtí an t-uisce ón tobar in inshealbhú na nDálach. Déantar dhá thuras go dtí an tobar; ag oíche na bliana úra agus oíche fhéile na Bealtaine, dhá fhéile a bhfuil níos mó baint acu le creideamh na réamh-Chríostaíochta. Thart fá na 1670í deir an seanchas go ndearna fear leighis, darb ainm dó Lector Ó Frighil, troscadh ar feadh 18 lá agus gur shiúl sé ó Fhathain ar Loch Súilí go dtí an Dún achan lá. Ar an 18ú lá bheannaigh sé an tobar agus thug sé geall go mbeadh an chumhacht chéanna ag an uisce don leigheas agus a bhí aige féin. Deir an seanchas áitiúil fosta gur bheannaigh an tAthair Ó Gallachóir an tobar sna 1880í. Deirtear go bhfuil cumhachtaí láidre leighis ag an uisce sa tobar seo. Is iad na paidreacha a chaitheann tú a rá ná an “ Ár n-Athair ” agus an “‘Sé do bheatha” (cúig huaire), agus “ an Chré ” do do rún. Caithfear an rud céanna a rá d’ achan bhuidéal uisce a thógann tú leat. “ Ár n-Athair ” agus an “‘Sé do bheatha” don Athair Lector Ó Frighil (atá curtha sa reilg i gCill Mhic n-Éanáin), an rud céanna don Athair Ó Gallachóir, agus arís don fhear a thóg an balla thart ar an tobar. Sa t-sean am bhí sé de nós ag daoine a dturas a dhéanamh costarnocht agus ag troscadh. Ba ghnáth leo teacht ar an traein ó iarthar an chontae achan Domhnach i rith an tsamhraidh agus tá sé de nós ag daoine cuimhneacháin bheaga a fhágáil ina ndiadh ag an tobar. (airde 126m) Suite os cionn Tobar a Dúin tá carraig ag a ndéantaí insealbhú ar Thaoisigh na nDálach ó 1200 go dtí 1603. Rinneadh corónú ar 25 taoiseach anseo. De ghnáth bhíodh comóradh ag Mainistir Chill Mhic n-Éanáin roimh ré. Tá an chosúlacht ann go n-úsáidtí an charraig roimhe seo ach níl fianaise ar bith le fáil fá dtaobh de seo. Tá radharc galánta ón bharr, fiú gur talamh íseal atá ann. Is é Eighneachan Ó Dónaill an chéad duine de na Dálaigh a toghadh anseo sa bhliain 1200. Is é Niall Garbh ó Dónaill an duine deireannach de Chlann Uí Dhónaill a toghadh ag an charraig sa bhliain 1603. * * * * * Tobar an Dúin Carraig an Dúin
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3