Guth Ghoill, Eagrán 16

Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 9 Airde na gcnoc thart ar Charraig a Dún : Loch as Alt / Cnoc a’Liathán (469m); Cnoc a’ Bhearnas agus Cnoc Mór (the "Resting Bishop") agus an Droim Fionn ag 349m; An Mhucais (666m) * , An Dubhais (652m), Sagart na Dubhaise (501m), Sliabh Sneact (678m) agus An Earagail (751m). * Nóta faoi airde na Mucaise: Bhíodh an airde scríofa mar 670m ar na chéad léarscáileanna meitreacha. Ní h-é seo an airde ceart, ach toisc go raibh baint ag an uimhir 666 leis an ainspiorad ní úsáidtí an uimhir seo. Ach tá an airde aistrithe go dtí an uimhir ceart anois ar na léarscáileanna úra. Tá sé suite i mbaile fearainn an Bhearnais, i ndiadh Teach Phobail an Tearmainn a fhágáil i do dhiaidh, ar do bhealach ó Thobar a Dúin: ba mháthair Cholmcille í Ethne. Déantar turas ar feadh naoi n-oíche ag an tobar seo ón 9ú Meitheamh ar aghaidh. Is é Daire Ethne an sean ainm a bhíodh ar Chill Mhic n-Éanáin. Bhí sé ina chol ceathair ag Aodh Rua Ó Dónaill a toghadh ar an 3ú Bealtaine 1592 (415 bliain ó shin). Fuair Niall Garbh bás i dTúr Londain i ndiadh dó a mhuintir féin a thréigeadh i leith na Sasanach. Maraíodh Cahir ó Dochartaigh, taoiseach deireanach Inis Eoghain, i gcath anseo i 1608. * * * * * Carraig an Aifrinn Tógadh an charraig seo i rith am na bPéindlíthe (1695- 1741) chun go mbeadh muintir na háite ábalta an t-Aifreann a Tobar Ethne (Turas an Rí) * * * * chleachtadh. Chuirtí pionós an bháis ar shagart ar bith a gabhadh ag rá an Aifrinn.  An gad is giorra don scornach is gá a réiteach ar dtús.  Coinnigh na Dúnaibh Slachtmhar . Ag cruinniú san Ionad Acmhainne Dé Luain, 13ú lá den mhí seo, toghadh coiste “Coinnigh na Dúnaibh Slacht- mhar” le Siún Nic Giolla Bhríde mar chathaoirleach, Colette Ní Chonchúir mar rúnaí agus Máirtín Ó Cathasaigh mar chisteoir. Caitheadh tráthnóna Déardaoin, 23ú Lúnasa ag bailiú an bhruscair thart fán bhaile agus tá moladh mór tuilte ag achan duine a chuidigh leis an obair. Beidh cruinniú poiblí ar an 10ú Meán Fómhair ag 8.30in san Ionad Acmhainne agus beidh fáilte romhaibh uilig ar an oíche. Beidh cruinniú ag an choiste leis na polaiteoirí ar an 24ú Meán Fómhair.   Pós ar an charn aoiligh ach díol do bhó i bhfad ó bhaile. * * * * Gheobhann cos ag siúl rud nach bhfaigheann cos ina seasamh. * * * * Chaillfeá do chluasa ach go bhfuil siad greamaithe duit. * * * *

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3