Guth Ghoill, eagrán 17

Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 10 rámhaíochta ag seoladh le chéile ach má bhí féin ní raibh muid ag déanamh mórán talaimh agus de réir a chéile bhí na tonnta agus an ghaoth ag éirí níos láidre agus ba le strácáil mhór a bhain muid Port na Bláiche amach. Chuir muid na curacha ar ais san fharraige in Ailt a' Choráin agus ag feitheamh orainn ansin bhí bád tarrthála Árainn Mhór agus sheol sí linn as sin go dtí an oileán. Bhí seo ina radharc galánta. Shroich muid Cé Árainn Mhór thart fán cúig a chlog agus ar an ché bhí scaifte de mhuintir an oileáin agus cuireadh fearadh na fáilte romhainn. Bhí a gCruinniú Cinn Bhliana ag Coiste Forbartha Mhíobhaigh sa Síbín Ceoil ar an Chéadaoin, 19ú Meán Fómhair agus bhí scaifte mór i láthair. Toghadh an coiste nua don bhliain seo chugainn le Seosamh Ó Domhnaill mar chathaoirleach, Antoin Mac Giolla Bhríde mar leas chathaoirleach, Máire Uí Ghallchóir mar chisteoir, Mícheál Mac Giolla Bhríde mar rúnaí, Fíona Pasoma mar leas rúnaí, To- mas Ó Cléide agus Mícheál Ó Dochartaigh mar oifi- gigh caidrimh poiblí agus Seán Mac Giolla Bhríde mar oifigeach na Gaeilge. Thug an Coiste seo buíochas d ’ oifigigh an Choiste dheireanaí as an sárobair a rinne siad. Dúirt an Cathaoirleach go mbeadh an coiste seo ag leanúint agus ag cur leis an sárobair seo. Beidh cruinniú den choiste go luath le fadhbanna na háite a phlé agus ansin plean fadtéarma agus gearrthéarma a chur le chéile. Casfar le húdaráis agus polaiteoirí áitiúla le tacaíocht a chuardach leis na pleananna seo a chuir i bhfeidhm. Tá an geimhreadh ag teacht agus tá súil againn go mbeidh muid ag toiseacht gan mhoill ar thograí ina mbeidh scileanna traidisiúnta na háite a athbheochan inár dteanga dúchais féin. Beidh fáilte roimh achan duine. Caithfidh mé a rá go raibh spraoi agus craic againn le bunadh an oileáin an oíche sin agus bhí cúpla pionta tuillte againn fosta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta a chur maoiniú ar fáil dúinn don turas seo, agus d'achan duine a chuidigh linn ar dhóigh ar bith.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3