Guth Ghoill, eagrán 17
Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 11 Feadaímó Níor tharla mórán i saol Feadaímó ar feadh cúpla bliain i ndiaidh ‘ cogadh na mbáillí ’ mar a tugadh air go háitiúil. Fuair a sheanathair Domhnall bás agus leis an fhirinne a rá níor chuir sin isteach ná amach ar Fheadaímó. Is fear cantalach, cancrach, callánach a bhí ann go háirithe nuair a bhíodh sé ag dul don phoitín rud a bhí go minic. Ní hamhlaidh a bhí a sheanmháthair. Ba dhuine beag pléisiúrtha tuisceanach a bhí inti agus ní raibh sí riamh gan scéal suimiúil ar bharr a goib aici. Níor chuir bás a fear céile cosc ar bith ar na scéalta uaithi agus de thairbhe sin de, thiocfadh baicle comharsan ag airneál achan oíche le héisteacht lei. Bhí dúil mhór ag Feadaímó sna scéalta seo agus ba chuma leis faoi cá mhéad uair a chluinfeadh sé iad. B ’ iomaí oíche a shuí sé sa chomhluadar seo agus gan iomrá ar bith fá chomh mall is a bhí sé, mar is teaghlach a bhí i gclann Uí Gallchobhair nach deach- aigh na luí róluath. Bhí Feadaímó anois ocht mbliana déag d ’ aois agus é ina fhathach d ’ fhear ag tarraingt ar shé throigh go leith. Le himeacht na mblianta bhí dualgas na hoibre ag titim níos mó agus níos mó ar a ghuaillí láidre; go hairithe ó ghortaigh a athair a dhroim. Tharla sin dó agus é ag iompar curach ar a dhroim thíos ar an Mheall Mhór. Bhuail rois gaoithe go fabhtach é agus bhain sé casadh as a dhroim. Ní hé Paidí Dhomhnail an chéad fhear a gortaíodh ag dul don iascaireacht agus is é ’ n dearcadh a bhí ag na daoine ag an am sin ar mhí - ádh mar seo ná gurb é toil Dé é agus nach raibh neart air. Déarfadh siad paidir, rachadh an saol ar aghaidh agus ghlacfadh siad le cibé a thiocfadh ina dtreo. Cibé ar bith amach ón ghortú a fu- air sé, bhí achan rud ag dul ar aghaidh go maith faoi dhíon Phaidí Dhomhnail agus níor chuir cruachás an saoil isteach barraíocht orthu mar, dar ndóigh, bhí siad uilig breá cleachtaithe leis. Maidin amháin i ndiaidh oíche bhreá airneáil bhí Feadaímó ina chnap codlata nuair a chuala sé duine inteacht ag glao air i gcogar ach níor thug sé aird ar bith air. Caithfidh gurb ag aislingeacht a bhí sé mar cha dtiocfadh leis an mhaidin a bheith sa mhullach air chomh tapa sin. Bhí sé i ndiaidh lá fada a chaitheamh ar an phortach an lá roimhe sin ag gróigeadh móna agus dar leis féin, go raibh scíste beag tuilte aige. Chuala sé an cogar arís, “ a Fheadaímó, éirigh a Fheadaímó ”. Bhí Feadaímó ina luí ar shopachán i lochta na cistine agus d ’ oscail sé leathshúil. Bhí an oíche dubh dorcha go fóill agus chuala sé srannfach íseal a sheanmháthar thí- os faoi sa chlúdaigh. Fuaim shocair, shásta, shuaim- hneach a bhí ann agus mhéadaigh sé an fonn codlata a bhí air féin. Lig sé osna uaidh, tharraing sé an sean- bhlaincéad thar a cheann agus thit sé ‘ na chodladh. Tháinig an scairt arís, níos airde an t - am seo, “ a Fheadaímó, éirigh a deirim leat ”. D ’ aithin sé glór a mháthair, shuí sé agus labhair sé i gcogar léi.. “ Cad é atá ciotach? ” “ Caithfidh tú éirigh, ” a dúirt sí. Tá Proinsí Rua i ndiaidh scéal a chur chugainn nach dtig leis dul chuig an aonach inniu, mar go bhfuil tinneas bráid air. Bhí Feadaímó ar tí cúpla focal oiriúnach a rá faoin scéal úr seo nuair a chuimhnigh sé gur lena mháthair a bhí sé ag caint agus tharraing sé ar ais iad ó bharr a ghoib. “ Sin drochscéal, a mháthair ”, a dúirt sé, agus chan bréag ar bith sin d ’ Fheadaímó. Bhí a fhios aige cad é a bhí ag teacht agus go mbeadh airsean dul chun an aonaigh leis an bhó ghorm. Rinne sé iarracht cróga smaoineamh ar leithscéal ar bith a ligfeadh dó fanacht sa leaba ach ar an drochuair níor tháinig ceann ar bith chuige. “ Seo, a Fheadaímó, léim amach, beidh ortsa dul suas go Carraig Airt leis an bhó ghorm. Beidh an lá ag bánú am ar bith agus ghlacfá bheith ar an bhealach mhór roimhe sin le suíomh a fháil i lár an bhaile. “ Maith go leor, a mháthair, beidh mé síos díreach ”. Chuala sé a mháthair ag dul síos an dréimire agus chaith sé dó an blaincéad. Bhí ceobhrán na maidine le feiceáil ar bharr Gháinne nuair a scaoil Feadaímó saor an bhó ghorm agus thi- omáin sé roimhe í amach as an bhóitheach. Chuala sé fuiseog thíos faoi i bpáirc a ’ tobair agus bhí gach cosúlacht ann go mbeadh lá ar dóigh faoin taobh seo tíre. De ghnáth bhainfeadh Feadaímó sult as an cineál seo maidine ach bhí lear rudaí ar a intinn agus is ró- mhaith a thuig sé tábhacht ghnó an lae inniu. I gcionn coicíse bheadh cíos na bliana le híoc ach ba geimhreadh fada crua a d ’ fhulaing siad in iar - thuaisceart na tíre. Le cois an droch aimsir bhí a athair gortaithe agus de thairbhe sin bhí ganntanas na bpingine níos measa ná mar a bhíodh de ghnáth ag an teaghlach. Bhí cothú dhá bhó ar thalamh s ’ acu gan buaireamh ar bith agus ba ábhar bróid é a leithéid a bheith acu, ach bhí an cíos le híoc agus bhí íobairtí le déanamh. B ’ iomaí uair a bhí Feadaímó ar an aonach i gCarraig Airt ach ba rud úr ar fad a bhí ann dó ainimhe a dhíol, agus don chéad uair mhothaigh sé go raibh laigeacht i muinín s ’ aige dul i ngleic leis na ceannaitheoirí cliste eolacha a d ’ fhreastal ar na haontaí. Luath is eile is a d ’ fhág sé bhí an t - ádh ar Fheadaímó suíomh a fháil i lár an bhaile mar bhí an áit plódaithe ag dul isteach dó. Bhí na stainníní margaidh uilig thuas cheana ar thaobh amháin den tsráid agus bhí na hainimhithe ar an taobh eile. Bhí sé soiléir dó nach raibh spás ar bith fágtha agus go mbeadh air an bhó a thabhairt leis agus suíomh a fháil thíos ar an trá. Ní tús maith ab ea seo mar anois bheadh air fanacht go mbeadh formhór na n - ainimhithe díolta sula bhfaigheadh ceannaitheoir a fhad leis ar chor ar bith. Ghabh sé a leithscéal le fear a bhí ina sheasamh roimhe le cráin muice agus thug sé a aghaidh ar an trá. Le sin chuala sé scairt agus thiontaigh sé. Bhí beirt as Doire a Chosán, Néill Dhoncha Mhóir agus Séamaí Sheáin Óig ina sheasamh taobh le taobh agus bó le achan fhear. “ Seo ”, a Fhéadaímó, “ brúigh isteach anseo idir an bheirt againne ”, a dúirt Néill, nó ní fheicfidh tú an baile arís inniu. Bhí lúcháir ar Fheadaímó mar shábhálfadh seo é ón seasamh fada ar an trá. An dóigh seo, dá bhfaigheadh sé an bhó díolta measartha luath bheadh an lá iomlán aige le sult a bhaint as an aonach. “ Faoi Dhia, a fheara ”, a dúirt sé leo. “ An ndeachaigh sibh a luí aréir ar chor ar bith? “ Leoga ”, a dúirt Néill. “ Ní mórán de chodail a fuair muid. Tá rudaí teann i mbliana agus tá achan duine ag iarraidh luach an chíosa a bheith acu. Chuala muid nach bhfuil ach an leithscéal a dhíobháil anois le muid a chaitheamh amach ”. “ Ceart
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3