Guth Ghoill, eagrán 17
Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 12 labhair Néill arís. “ Amharc seo ag teacht ” a fheara. D ’ amharc Feadaímó agus Séamaí suas an tsráid áit a raibh an slua ag déanamh a mbealach. Bhí cúpla ceannaitheoir i mbun oibre agus thart orthu siúd i dtólamh bhí scaifte a lean iad ó thús go deireadh an lae más cainteoir ábalta cliste a bhí ann. Ba sin an craic a bhí ar an aonach dóibh sin mar bhíodh coimhlint na bhfocal idir an ceannaitheoir agus an díoltóir ina spóirt ar dóigh go háirithe nuair a bheadh an fear áitiúil ina fhear gasta aibí. Cóir uair nuair a bheadh babhta maith ag dul ar aghaidh rachadh an scéal thart ar an aonach agus bhailíodh an slua. Sheasfadh siad thart ansin ag éisteacht le achan fhocal idir an bheirt mar bheadh na freagraí is fearr mar ábhar scéil acu amach anseo agus iad amuigh ag airneál. Chonaic Feadaímó an ceannaitheoir seo le hata mór ard air agus bata draighin ina lámh aige ag tarraingt orthu. D ’ aithin sé Ambrose Mór a ’ Lagáin mar ba mhinic a lean sé féin é agus é i mbun gnó an cheannaitheora. Níor sheachain na boic seo achrann ariamh, is cuma fá cé chomh glic is a bhí na díoltóirí, ach anois is arís chífeadh siad duine a mbeadh faitíos air agus dhíreodh siad isteach air chun ábhar magaidh a dhéanamh dó ach fosta chun an oiread sin aird a tharraingt ar an duine bocht is go ndíolfadh siad an t - ainmhí ar leath a luach. Shuí súil ghéar Am- brose ar Fheadaímó ach thiontaigh Feadaímó agus labhair sé ar nós cuma liom le Séamaí agus san am chéanna é ag urnaí ina chroí go siúlfadh Ambrose thair- is. Ní achan phaidir a fhaigheann freagra agus bhí ne- amhaird na bhflaithis soiléir nuair a bhuail dorn mór cnag ar a ghualainn agus d ’ aithin Feadaímó guth Am- brose. “ Bhuel, bhuel anois, cén fear mór é seo ”? D ’ amharc Feadaímó isteach sna súile ar Ambrose agus bhí sé réidh le freagra a thabhairt air nuair a thug sé fa- oi deara cailín óg ag amharc air ó imeall an tslua. Stad a anáil ina bhráid mar ní fhaca sé ariamh cailín chomh dóighiúil léi. Bhí gruaig chomh dubh leis an fhiach mar luan thart ar a haghaidh, bhí a súile chiardhonna ag lonradh le beocht agus bhí miongháire ar a béal a tharraing aird Fheadaímó go hiomlán uirthi. Mhothaigh Feadaímó a aghaidh ag lasadh faoi shúile an chailín seo agus theip air focal a rá. Níor thug Am- brose a dhath de seo faoi deara agus shil seisean gur eagla a bhí ar Fheadaímó agus gur deis a bhí anseo dó tús maith a chur le haonach Charraig Airt. “ Amharc seo, a dhaoine uaisle, tá balbhán anseo ag díol ainmhí de shórt éigin. Bea unicorn atá ann ”? Thosaigh beirt nó triúr ag gáire, mar ní raibh a fhios ag an mhórchuid acu cad é ’ n rud é unicorn. “ Sea ”, a dúirt Ambrose, unicorn, ainmhí a bhí ina chónaí fadó, fadó, agus de réir cosúlachta bhí an bhó seo ina cónaí fadó, fadó fosta. Bhris an gáire ar achan duine ansin agus tharraing an callán tuilleadh de lucht an aonaigh. Bhuail Ambrose buille eile ar ghualainn Fheadaímó a chur é ar ais coi- scéim, “ hoi, a ghasúir, tá mé ag caint leat ”. Bhris an buille an draíocht ina raibh Feadaímó gafa ann ach su- lar labhair sé scairt Néill ar Ambrose. “ Fág an boc óg a Ambrose, labhair liomsa agus bhéarfaidh mé do sháigh duit ”. Thóg Feadaímó a lámh, “ fág é, a Néill, thig li- omsa m ’ fhód féin a chosaint ”. Gan choinne bhuail sé cnag ar ghualainn Ambrose a chur eisean ar ais píosa fosta. “ Labhair leat a ghuilpín gan mhúineadh ”, a dúirt agat ” a dúir Séamaí, d ’ fhág beirt as Doire a ’ Chosán Beag arú inné, d ’ imigh siad go Liverpool, ag cuardach oibre. Muna dtagann cúpla scilling uathu cineál gasta ní bheidh baile acu le pilleadh ar ais chuige ”. “ B ’ fhéidir gur chóir dúinn seasacht in éadan na mbáillí arís ”, dúirt Feadaímó. “ Chuir Néill a lámh ar a ghual- ainn. “ Cha dtig linn a ghasúir, d ’ obair sin uair amháin agus bhuail muid iad. Ni tharlóidh a leithéid arís. Bí- onn na cótaí dearga leis na báillí anois achan áit. Cha mhairfeadh muidinne cúig bhomaite in éadan gunnaí s ’ acusan ”. “ Amharc cad é tharla thíos a ’ tír scór bliana ó shin ”, dúirt Séamaí. D ’ éirigh siad amach i Loch Gar- man agus sna háiteacha sin agus maraíodh na mílte acu ”. “ Goileann sé orm ”, dúirt Feadaímó, go gcaith- fidh muid glacadh le achan rud agus gan muid ábalta a dhath a dhéanamh ”. Chaith Néill seile uaidh agus chuir sé a phíopa ina bhéal arís. “ Caith uait an cineál sin cainte, a ghasúir, ní bhfaighidh tú áit ar bith léi. Nuair a buaileadh Napoleon ba sin deireadh le saoirse dúinne sa tír seo. Níl na gunnaí againn agus ní fiú a dhath croí atá lán de chrógacht in éadan piléir. Amharc thart ort, an bhfeiceann tú an slua atá anseo cheana, eh? Char thriomaigh drúcht na maidine go fóill. An síleann tú gur ag smaoineamh ar shaoirse atá siad uilig? Bhuel, chan ea. Bia agus teas díofa féin agus don teaghlach agus sagart ag uair a mbás; sin é na rudaí a chuireann isteach ar na daoine seo. Ach, níos tábhachtaí na sin uilig tá an cíos. An cíos, a bhráthair, sin é tús agus deireadh an scéal, agus tá sé mar an gcéanna dúinn uilig. Gan an cíos bheadh muid náirithe, agus sin é an rud, a Fheadaímó, a ghortaíonn ár muintirse níos mó na rud ar bith eile. Glacfaidh muid leis an fhuacht agus an fhearthainn; ní ligfimid don ocras nó don chruachás muid a bhuaileadh, ach níl muid ábalta unsa náire a fhulaingt. Fear gan an cíos? Is amuigh ar an acra fada a bheadh sé. Cá fhad a mhairfeadh teaghlach s ’ aige gan foscadh sa tír seo. Is bacaigh bóthair a bheadh iontu agus ní bheadh meas madaidh ag aon duine orthu nó ar a n - ainm. Sin an tuige go bhfuil an triúr againne inár seasamh i gCarraig Airt leis na seanbha seo. Tá cíos punt agus cúig scilling le bailiú agamsa agus beidh an t - ádh orm an méid sin a fháil ar an bhó seo ”. D ’ am- harc Feadaímó ar an bhó agus d ’ aithin sé gur bó a bhí inti a chonaic geimhreadh nó beirt de bharraíocht. Ni raibh bó Sheamaí mórán níos fearr agus thug sin uchta d ’ Fheadaímó mar ag fágáil an bhaile dó níos luaithe bhí sé rud beag imníoch fá chuma na bó goirme. Cé gur bó mhaith bainne a bhí inti go fóill, chan bó í a chuirfeá isteach i gcomórtas an aonaigh. Bhí a craiceann briste garbh in áiteacha a raibh sí a tochas féin in éadan na gcarraigeacha garbha cois farraige. Bhí an adharc chlé briste di, rud a chur cineál de longadán lena ceann agus í ag bogadh thart agus bhí lag ina droim le haois a chuir cruth íseal uirthi. Ní raibh ribe fionnaidh fágtha ar rúbail s ’ aici ag madaí an bhaile agus le rudaí a dhéa- namh níos measa, i ndiaidh an tsiúil fhada go Carraig Airt bhí sí rud beag bacach. Ach, sin an dóigh a bhí sé agus de réir cosúlachta chan leis féin a bhí sé. Má bhí orthu bó a dhíol is iad na seanbha a dhíoladh siad mar dá gcaillfeadh siad an bhó óg bheadh siad san fhaopach i gceart. Is uathu sin a fuair siad a mbainne, a gcuid ime agus an gamhain achan bhliain. Bhí na smaointe seo uilig ag teacht is ag imeacht ar Fheadaímó nuair a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3