Guth Ghoill, eagrán 17

Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 13 Feadaímó, “ tá mé ag éisteacht leat anois ”. Beidh an chuid eile den scéal sa chéad eagrán eile. Oíche Cheoil in Óstlann Charraig Airt            Cead isteach : Saor in aisce.          Coiste Forbartha Charraig Airt. Beidh Cruinniú Cinn Bhliana an Choiste in Óstlann Charraig Airt ar an Luan, an 29ú Deireadh Fómhair ag a 8.00 i.n. Iarrtar ar gach ball bheith i láthair. Beidh moltóireacht a dhéanamh ar chomórtas "An Baile Beo" ar an 8ú Samhain agus fógrófar torthaí an chomórtais "Bród na hÁite" i gCathair na Mart ar an 10ú Samhain. Bhí gleann beag deas i bhfolach i measc cuid sléibhthe Dhún na nGall, ‘S cailín óg ‘na cónaí ann a’s a clú gan smúid gan smál; ’S Micheál Mór, ó Ghleann na Sméar, a sciob ar shiúl a croí, A’s a bhaist le bród ar an chailín óg Nuala na gCuacha Buí. Ba mhodhúil, fiúntach, macánta a shiúlfadh sí an ród, Bhí a coiscéim éadrom aigeantach mar choi- scéim Oisín Óig; Bhí a súile glinn a’s a béilín binn chomh binn le ceolta sí, A’s bhí meas a’s grá ag sean a’s óg ar Nuala na gCuacha Buí. Leag bodach ar an bhaile mhór a shúil ar Nu- ala Bhán; Bhí aige ór a’s saibhreas mór le stórtha líonta lán, A’s d’iarr sé ar a hathair í, a’s fuair sé í mar mhnaoi, Ach dheaman ‘e gheall, nó taobh nó toil ó Nuala na gCuacha Buí. Ar maidin lá na bainise rinne an bodach féasta mór, A’s d’imigh leis ’un a’ tSéipéil Úir le cuideachta go leor; Bhí an sagart ann a’s d’fhiafraigh sé don bhodach “Cá bhfuil do mhnaoi?” Ach abhus nó thall ní raibh le fáil Nuala na gCuacha Buí. Cois abhainn álainn Ghleann na Sméar le blátha a’ tsamhraidh lán, ’S ag barr a’ Ghleann faoi scáth na gcrann tá cró beag seascair bán; ’S ní labhartar ann ach Gaeilg’ bhinn a chuirfeadh aoibhneas ar do chroí, ’S cé cónaíos ann ach Micheál Mór a’s Nuala na Nuala na gCuacha Buí.              Aithnítear carad i gcruatan.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3