Guth Ghoill, eagrán 17
Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 14 Muintir Pháidí Óig .. Seo cuntas gairid ar mhuintir Pháidí Óig as Gleann Raithnigh, nó Gleann Úraí. Dream righin, tacúil agus miotalach a bhí iontu agus bhí siad maith ag troid le bataí draighin. Bhí Páidí, Donnchadh, Dan agus a ndeirfiúr Bidí ina gcónaí sa tseanbhaile. Bhí Micí agus deirfiúr eile thíos ar an Mheall Mhór. Bhí fear eile acu, Fardie, i nGort na Luchóg, agus deirfiúr eile pósta ar Jimmí Pháidí Nuala (Mac a’ tSaoir) as Fánaid. Bhí mac acu, Séamas, (mar a deir siad “Mac a’tSaoir”), a chaith cuid mhór dena chuid ama i nGleann Úraí, fear a raibh scread go bráth ina ghlór. Fir mhóra throda a bhí iontu agus is minic a shiúil siad go dtí Aonach Dhún na nGall agus síos go dtí Dún Chi- onn Fhaola le troid le dreamanna eile fear crua cosúil leo féin. Gheobhadh siad greim ar na bataí lár báire agus dá réir sin bhéarfadh siad súisteáil nó buille duit ón dá thaobh den bhata. Nach iad a bhí fabhtach. Fear mór láidir toirteach a bhí in John Bán (Ó Gallchóir) as an Ghlíob. Thit sé amach le muintir Pháidí Óig. Níl a fhios agam cáide a ba chiontaí leis an racán. Cibé, thug siad súisteáil go bráth do John thiar i Lag an Abair agus deir siad dá mbeadh sé ar dhóigh ar bith lag go mbeadh a ghnoithe aige! Bhí cás cúirte ann agus is dócha go bhfuair sean Pháidí Óg “próiste”: Sin an dóigh a chuirfí síos ar scairt ‘na cú- irte (summons). An oíche roimh an chúirt bhí cruinniú ag muintir Pháidí Óig iad fhéin. An cuntas a tháinig as an chruinniú sin ná go raibh sean Pháidí le dul chun na cúirte agus fianaise bréige a mhionnú go dtí go dtiocfadh an diabhal aníos as ifreann agus na hi- allacha a ithe amach as a chuid bróg. Sin fear fírin- neach sa chúirt!. Meitheal treafa ag muintir Pháidí Óig . Bhí m’athair mór, Donnchadh Mhícheáil ar mheitheal treafa ag Páidí Óg. Chuaigh ceathrar de mhuintir Pháidí Óig go dtí teach Joyce, ar an Mhachaire Bheag agus d’iompair siad dhá sheisreach mhiotail ar a gcuid guaillí suas chosán Bhaile an tSléibhe, trasna na gcnoc go dtí an chuibhreann a bhí le treabhadh. An gcreidfeá, nuair a bhí siad réidh sa tráthnóna, gur iompair siad na seisreacha ar ais go dtí teach Joyce ar an Mhachaire Bheag. Nach iad a bhí láidir agus righin. Ag am an tae bhig bhí sean Pháidí ina shuí ar cheaig poitín i lár na cistine agus fuair gach fear den mheitheal stópa nó gogán poitín le hól. Bhí an stópa agus an gogán déanta amach as adhmad, cosúil le to- bán beag nó buicéad. Bhí pota uibheacha bruite ag Bidí agus toirtín mór de mhin bhuí déanta aici. Lena chois sin bhí arán min coirce aici a bhí déanta ar an ghrideall os cionn na tine. Bhí cearc ghoir ina rith thart le heala óg ina diaidh. Bhí buinneach ar an chearc agus chac sí práp bog ar chladach nó leac na tine. Thóg Bidí sluasaid luaithe amach as gríosach na tine agus chaith sí é ar an phráp bog caca. * * * * I ndiaidh sean Pháidí agus cuid eile acu bás a fháil, bhí Bidí agus Mac a tSaoir (Séamas) beo féin. Bhí Bidí lán piseog. Bhí teach Pháidí Mhádgie in aice le teach Bhidí. Bhí Páidí Mhádgie pósta ar Ghracie John Pháidí as Baile na Deora. Deir siad nach raibh Bidí agus Gracie ag fáil ar aghaidh go maith le chéile ó am go ham. Nach maith an mhaise do mhuintir óg an lae inniu an seanghnás seo a choinneáil beo ó am go ham. Bhí bó ag Bidí i ndiaidh gamhna a bheith aici agus bhí an bhó agus an gamhain tinn. Bhí Bidí den bharúil gur thug Gracie John Pháidí, a comharsa, drochamharc ar a bó agus a gamhain. Bhí Bidí amuigh ag binn an tí agus scála uisce beannaithe agus dos fraoigh aice, ag caitheamh an uisce beannaithe suas ar theach Ghracie (nó teach Phaidí Mhádgie) agus i ag scairteadh go hard “Go gcuire Dia agus an Mhaighdean Mhuire an drochuair agus an drochamharc tharainn”. Tá an teach seo ar cheann de na tithe atá ar líosta Chomhairle Chontae Dhún na nGall ina molann siad nach mbainfí de. Beidh cuntas againn ar an obair agus ar an athchoiriú a rinneadh ar an teach seo sa chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3