Guth Ghoill, eagrán 17
Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 15 An Gunna Mór Tá an Gunna Mór bainte den bhád mhórcháiliúil an Laurentic (The Gold Ship) Bhí slua mór de thrí chéad duine i láthair ar na mallaibh ar ché na nDúnaibh le hócáid stairiúil a fheiceáil a cheiliúradh nuair a tógadh aníos gunna mór de chuid an Laurentic a bhí ina luí ar ghrinneall na farraige le nócha bliain. Is le linn an Chéad Chogadh Mór Domhanda (1914 – 1918) nuair a bhí úsáid a baint as an White Star Liner seo le lasta óir a iompar trasna an Aigéin Atlantaigh ó Learpholl, Shasana go Nova Scotia i gCeanada gur bhuail mianach ar snámh í agus a rinne sáinn bháis di ar an 25ú Eanáir 1917. Bhí 754 duine ar bord an oíche sin agus cailleadh níos mó ná a leath acu. Foireann de cheithre chloigeann deág fear de chuid tumadóirí na nDúnaibh a thug an gunna slán go barr. Ní éacht éasca ar bith a bhí ann, ar ndóigh, mar bhí creatlach an bháid mhóir seo ina luí ag doimhne de dhaichead méadar síos agus í trí mhíle amach ón chósta ó thuaidh de Theach Solais Cheann Fhanáide. Tá an gunna í féin 10.2 tonna meáchain agus é níos mó na seacht meadar ar fad. Ba iad Caoimhín Mac Seáin, Mícheál Mac Giolla Bhríde, Eoghan Ó Fogartaigh, Ivan Mac Irbhín, Seosamh Ó Duibheannaigh, Liam Mac Giolla Easpuig, Mícheál Ó Dochartaigh, Ivan Ó Cearraigh, Cathal Mac Giolla Bhríde, Mícheál Mac A ’ Bhéatha, Tomás Mac Caomhánaigh, Nollag Mac Seáin, Éamonn Ó Dochartaigh agus Seán Ó Dochartaigh baill an ghrúpa a thug faoin dualgas an gunna mór a thógáil aníos. Ghlac an sochar seo trí bliana daofa idir an suíomh a mheas, an gunna a scaoileadh saor ón bhád, slabhraí a chur thart ar an ghunna, mála aer speisialta a fháil déanta, deireadh a cheangail le chéile agus a chur go barr lena tharraingt i dtír. Anuas tríd na blianta, tá tarraingt faoi leith ag an súiomh seo i measc mhórán tumadóirí mar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3