Guth Ghoill, eagrán 17
Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 3 Cosúil le Féile na Cásca, Oiche Fhéile Eoin, Féile na Samhna agus An Nollaig, bhí tábhacht mhór ag baint le Féile Lughnasa i gceantar Ros Goill. Ag tús Mí Lughnasa a ceiliúradh an fhéile seo mar chomóradh ar dheireadh an tsamhraidh agus tús an fhómhair. ‘Sé Gáinne Mór an áit a dtiocfadh an mhuintir óga le chéile leis an chéiliúradh agus an spórt a bheith acu. Bhí sean fhothrach ar bharr Gáinne, áit a mbíodh carnán cloch go dtí le gairid. Suas go dtí tús an naoú céad déag, chruinneodh an mhuintir óga uilig i gcuideachta a chéile i ndiaidh meánlae ar an chéad Domhnach den fhómhair. Ní raibh cead ag seanduine ar bith a dhul in airde ar an chnoc ar an lá seo. Nuair a théadh an mhuintir óga go barr an chnoic, bhíodh “oscailt oifigiúil” ar an fhéile. Théadh an té a ba shine acu chuig an tsean fhothrach agus deirtí cúpla focal le tús a chur leis na himeachtaí. Ligtí amach scréad agus scairt ó a raibh i láthair, agus ansin, thosaíodh an ceol agus an damhsa. Bhíodh comórtas damhsa idir na stócaigh óga uilig, agus bhíodh sé de chead ag an bhuaiteoir a rogha de mhná óga a bheith aige mar bhean chéile. Is ansin a thosaíodh an troid agus deirtear gur chuir an sagart paróiste deireadh leis an fhéile as siocar an troid seo. Chaitheadh achan duine a théadh suas an cnoc bláth i mball dá gcuid éadaí agus ansin chuirtí na bláthanna uilig isteach i bpoll agus chuirtí créafóg anuas sa mhullach orthu mar chomhartha go raibh deireadh leis an t-samhradh. Thagadh an mhuintir óga anuas ansin go dtí áit ar a dtugtar Cnoc an Mharcaigh, áit a mbíodh cluichí iománaíochta agus caitheamh méacháin acu. Ansin bhíodh rásaí beithigh (capaill) acu ar Chnoc an Mharcaigh. Tá an t-ainm seo ar an áit go dtí an lá atá inniu ann agus tá sé suite i mbaile fearainn Chluain tSaileach agus ar an teorainn le Baile na Deora. Cuireadh deireadh leis an lá le féasta de phréataí brúite agus bheirtí cúpla sífín de chochán glas don eallach le iad a choinneáil i mbarr a sláinte don chuid eile den bhliain. Go minic, bhíodh tréimhse d’fhearthainn throm ann fan am seo den bhliain agus bheirtí “bailc na Lughnasa” ar an fhearthainn seo. Bhíodh “Aonach na Lughnasa” i gCarraig Airt dhá lá ina dhiaidh seo. Rinneadh tagairt do chuid de na h-imeachtaí seo i gclár an chéad léiri ú de “Dancing at Lughnasa” le Brian Friel, tráth ar cuireadh ar an ardán é don chéad uair in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Rinneadh ceiliúradh fosta ar an fhéile ag Loch an Charnáin atá suite idir Bhaile na Deora agus An Glíob, agus bhí an gnás ann fosta cloch a chur leis an charnán clocha a bhí ar bharr an chnoic seo cheana féin. Thíos faoi Loch an Charnáin tá áit ar a dtugtar Lag an tSean Chró agus bhíodh damhsa agus ceol ann le Féile Lughnasa a chéiliúradh. Achan seans go raibh a leithéid i mbailte eile sa pharóiste agus má tá eolas agat faoi cuir isteach é chuig Coiste Céim Aniar. Tá sé tábhachtach don cheantar go scríobhtar síos rudaí mar seo agus go gcoinnítear iad mar chuid de stair, de chultúr agus d’oidhreacht shaibhir na háite le cur ar aghaidh chuig an chéad ghlún eile. Má tá suim agat i bhféile Lughnasa, tá sé agus a thuilleadh lena chois le fáil i leabhar Mháire Mac Neill “ The Festival of Lughnasa” a foilsíodh i 1962. Buíochas do Cary Meehan as an chuidiú don alt seo. Nóirín Goulding. Féile Lughnasa in Ros Goill sa tsean am. Cnoc an Mharcaigh ó bharr
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3