Guth Ghoill, eagrán 17

Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 4    Seo an ceathrú bliain as a chéile a reáchtáil Céim Aniar Campa Samhraidh do pháistí in Ionad C.L.G. na nDúnaibh agus mar atá le feiceáil ó na grianghraif bhí muid ámharach leis an aimsir arís i mbliana. Socraíodh go mbeadh campa amháin coicíse againn ón 23ú Iúil go dtí 3ú Lúnasa agus d ’ éirigh thar barr leis. Bhí an campa seo oscailte do pháistí bunscoile idir sé bliana agus dhá bhliain déag d ’ aois, mar aon le teaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu agus a thagann anseo ar saoire agus atá ag iar- raidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh. Seachtó páiste ar fad a ghlac páirt. Bhí lúcháir orainn go raibh líon mhór páistí ansin ón tuaisceart, ó Bhaile Átha Cliath agus ó áiteanna eile ar fud na tíre agus an Ghaeilge bhreá a bhí ag cuid acu. Bhí réimse leathan imeachtaí ann, taobh istigh agus amuigh faoin spéir: scéalaíocht, comhrá, ceol, damhsa, ealaín Campa Samhraidh 2007

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3