Guth Ghoill, eagrán 17
Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 5 agus ceird, peil, rásaí, bailiú sliogán agus imeachtaí ar an trá. Tá sé iontach tábhachtach na himeachtaí seo ar fad a bheith go hiomlán i nGaeilge agus sin mar a bhí sé. Bhí comórtas thógáil caisleán againn agus bhí sé deas na páistí a fheiceáil ag obair go díograiseach lena chéile i bhfoirne. Chuir na páistí seó beag le chéile ag deir- eadh na seachtaine agus tugadh cuireadh do na tuismitheoirí teacht isteach ar an lá. Dúirt siad uilig dán, agus bhí Am- hránaíocht, Ceol agus Damhsa Gaelach ann chomh maith. Bhain achan duine sult as an seó agus ansin bronnadh teastas ar gach páiste. Bhí duaiseanna speisialta do na páistí a rinne iarracht mhór an Ghaeilge a chleachtadh. Maith sibh a pháistí.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3