Guth Ghoill, eagrán 17
Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 6 Cuireadh tús leis na ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, agus leis na ranganna Dioplóma sa Ghaeilge arís in Áras Ros Goill ar na mallaibh. Tá os cionn dai- chead ag freastal ar na ranganna Gaeilge atá bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge agus ocht nduine dhé- ag idir an dá rang Dio- plóma. Tá dhá rang ar siúl do dhéagóirí i mbliana fosta agus tá na ranganna seo dírithe níos mó ar an obair atá á déanamh acu ar scoil. Ní raibh na siopaí mar atá siad sa lá inniu. Bhí achan rud ar chúl an chuntair i gcásanna, i mboscaí, i gcannaí, i bprócaí (jars), nó i málaí. D ’ iarrfá builín aráin, “ plain ” nó “ pan ”, agus ní raibh sé gearrtha ina shlisíní. Gheofá ceathrú tae, líonfaí é amach as “ tea chest ” le sluasaid bheag agus líonfaí punt siúcra amach as mála le sluasaid bheag eile, agus ceathrú puint milseáin i má- la beag páipéir. Dhéanfaí beart d ’ earraí móra, chlúdódh siad iad i bpáipéar donn agus cheanglódh siad iad le téad. Bhí cuid mhór daoine nár dhíol fá choinne a gcuid earraí ar an bpointe ach scríobhadh an siopadóir na hearraí agus a luach, leis an dáta, síos i leabhar agus dhéanfaí an bille a shocrú ag deireadh na seachtaine. Is iomaí ualach trom a thógfaí ‘ na bhaile, go háirithe nuair a bheadh cloch phlúir agus galún ola i gceist. Bheadh an t - ola de dhíth fá choinne an lampa ola nó an “ tillie ” nó an sorn. Is minic a bheadh ort dul ‘ na tsiopa trí nó ceithre uaire i ndiaidh a chéile leis na hearraí uilig a thabhairt ‘ na bhaile. Agus nuair a bhíodh sin déanta agat, chaithfeá dul fhad leis an tobar trí nó ceithre uaire eile agus buicéad in achan lámh le huisce a thabhairt ‘ na bhaile le hól, fá choinne tae nó brachán a dhéanamh, le prátaí a ní agus a bhruith, le cócaireacht a dhéanamh, le headaí a ní, le hurláir agus ballaí agus tú fhéin agus an teaghlach a ní. Chaitheadh muintir an tí toiseacht ar na lampaí a dhéanamh réidh go luath, go háirithe sa gheimhreadh. Thosódh siad leathuair, ar a laghad, roimh an dorcha- das, mar bhí orthú na lampaí a líonadh le hola agus amharc ar na “ wicks ” agus na “ mantles ” i gcás an “ tillie ”. Bhí orthu na tillies a theannadh ag tús agus ansin b ’ fhéidir achan trí cheathrú uaire i rith na hoíche. Bhain siad úsáid as coinnle fos- ta roimh theacht an leictreachais sa bhliain 1954. Mura ndéanfá na “ tillies ” a the- annadh, rachadh an solas i laige go dtí go rachadh sé as ar fad. Bhí an - áthas agus lúchair ar chuid mhór daoine go raibh an leictreachas ag teacht ach bhí dream eile a raibh eagla orthu go mbeadh sé róchontúirteach ar fad, agus baicle eile a shíl go mbeadh sé i bhfad ródhaor dófa, agus is iomaí teach a dhiúltaigh é ar fad sna chéad bhlianta. Tá cuimhne mhaith agam fhéin ar dhá uncal de mo chuidse a chuir na sreanganna uilig fríd an teach s ’ againne. Níl cuimhne ar bith agam ar an teach ag dul ar thine ach oiread, cé nach leictreoirí ar bith a bhí iontu. Ba ghnách linn dul ag cruinniú sméar dubh ag tús an Fhómhair. Bheadh cannaí “ sweetie cans ” againn ár ghnách linn bainne a iompar iontu agus muid ar ár ndícheall ag bailiú na sméar le tabhairt ‘ na bhaile chun go ndéanfaí subh astu. Is iomaí dealg a fuair muid sáite Ag Féachaint Siar.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3