Guth Ghoill, eagrán 17

Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 7 isteach inár gcuid lámh ó na driseoga agus tá seans ann go raibh níos mó sméara dubha abhaile linn inár mboilg ná mar a bhí sa channa! Bhí na cúil faiche i gcónaí ag baint dúinn, creidim mar go raibh muid de shíor ag imirt amuigh fríd cuibhrinn agus áiteanna cosúil leofa agus ba nimhneach an rud é an chealg a chuirfeadh cúl faiche ionat, ach má bhí fhéin, ní rófhada ar shiúl a bhí an leigheas fána gcoinne, mar áit ar bith a d ’ fhásfadh cúl faiche, bhí an chopóg le fáil i ngiorracht dó agus chuimil muid an chopóg ar an chealg chun é a leigheas. Ní mó ná go raibh séasúr na sméar dubh thart go raibh tú istigh i séasúr na gcnónna. Ba ghnách linn imeacht go dtí an choill bheag ina raibh crainn coill ag fás, lenár málaí scoile (gan na leabhair ar ndóiche) agus iad a líonadh chomh gasta agus a thiocfadh linn. Dá n - éireodh muid tuirseach de na cnónna (mar bheadh muid ansin ar feadh trí nó ceithre uaire an chloig) thosódh muid ag imirt cluichí “ Dul i bhfolach ” nó “ Cowboys and Indians ”, mar ba tiubh an áit ina raibh muid – dar linn go raibh muid sa dufair (Jungle), nó sna “ Rockies ”, mar ba bhreá an shamhlaíocht a bhí againn. Ba é seo cuid den ullmhúchán fá choinne Oíche Shamhna agus is cinnte gur ghoid muid traidhfil úll as úllord nó gairdín ar bith a bhí i bhfogas dúinn fosta! Nuair a thagadh an oíche mhór í fhéin bhí muid tógtha go mór mar ní hé amháin go n - imreodh muid na cluichí uilig sa bhaile an oíche sin, ach fiú amháin bhí cead againn iad a imirt ar an scoil fosta ar feadh tamaill i rith an lae. Bheadh úlla, cnónna, milseáin, bairín breac agus líomanáid againn. An té a gheobhadh an fáinne sa bhairín breac, ba é/í ba luaithe a phósfadh. D ’ imir muid “ dallamullóg ”, thum muid sa bháisín uisce fá choinne réal nó, scilling nó toistiún, nó fá choinne úll. Chroch muid úll ón síleáil agus thug muid iarraidh plaic a bhaint as lenár lámha ar chúl ár ndroim. Thagadh cuid de na comharsana, nach raibh páistí ar bith fán teach acu, isteach leis an chraic a fheiceáil agus thabharfadh siad airgead nó úlla duit. Chuala mé fá bhuachaillí óga a chuaigh thart an oíche sin ag tarraingt cáil amach as gairdíní agus á gcaitheamh isteach ag doirse chuid de na comharsana cancracha, agus corr uair ba ghnách geaftaí a thógáil ón áit ina mbíodh siad crochta agus á gcur i bhfolach le diabhlaíocht. Ba ghnách le daoine bia a fhágáil ar leataobh, nó áit breise a fhágáil ag an tábla Oíche na Marbh, mar chreid siad gur tháinig anamacha na marbh ar ais an oíche sin. Ba lá gnóthach an lá dar gcionn: Féile na Marbh. Bhí trí altóir i dTeach Pobail an pharóiste agus bhí cead ag sagairt trí Aifreann a léamh an lá sin. Mar sin, bhí sraith Aifrinn ar siúl ag achan cheann de na trí altóir agus bhíodh na sluaite a bhfreastal, agus iad amach agus isteach go doras an tseipéil an méid a bhí ina gcosa, mar bhí logha (indulgence) le fáil ar achan chuairt agus tú ag guí ar son na Marbh. Ansin bhí tuilleadh daoine agus iad idir an reilig agus an séipéal mar bhí logha níos mó le fáil dófa siúd a thug cuairt ar uaigh na mairbh an lá sin, agus na bruacha coinnle lasta i gcuimhneachán na marbh i dteach an phobail. Bhíodh muid inár suí go luath lá an phortaigh. Bheadh Mamaí ag déanamh ceapairí agus flascanna tae, chomh maith le bheith ag iarraidh bricfeasta a dhéanamh réidh. Bheadh Daidí amuigh ag cur an trealaimh agus ag cur na gcliabh ar na hasail. Nuair a bhíodh achan rud réidh bhuaileadh muid an bóthar i dtrátha a sé a chlog, mar bhíodh aistear ocht nó naoi míle againn sula sroichfeadh muid portach an Ghleanna Ard. Rachadh muid i gcionn oibre ansin, Daidí no duine de na fir ag baint leis an sleán, duine nó beirt de na páistí ag caitheamh amach agus arís mná nó páistí ag cróigeadh (footing), ag tiontú nó ag déanamh cruacha, ag brath ar cad é a bhí le dé- anamh. Obair mhaslach a bhí ann de shíor ag cromadh, ag tógáil, ag caitheamh, ag cróigeadh agus ag déanamh malairt oibre ó am go h - am chun faoiseamh beag a fháil. Ach nuair a shuíodh muid síos sa deireadh lenár gcuid a dhéanamh, ní raibh blas níos deise ar bhia an rí nó mar a bhí ar an bhia a d ’ ith muidne in aer glan an phortaigh. Ba mhinic a chruthaigh muid fadhb do Dhia. Bhí uaireanta ann a bheifeá ag achainí ar Dhia an fhearthainn a dhoirteadh anuas ar an phortach (cuir i gcás go raibh tú ansin tráthnóna éigin agus cluiche peile le himirt sa bhaile). Ag an am chéanna bheadh d ’ athair ag guí chuig Dia tráthnóna tirim a thabhairt do, sa dóigh go bhfaigheadh sé an mhóin abhaile tirim. Bhí Dia i gcruachás! Dá olcas an fhearthainn ba mheasa i bhfad na míoltóga. Bheadh leisce ar dhaoine an portach a fhágáil i ndiaidh theacht an fhad sin agus mar sin de d ’ fhanfá ansin go mbeifeá tú ite acu, de ghnáth. Ach corruair ní raibh an dara suí sa bhuaile ann agus chaithfeá an áit a fhágáil acu – díomá ar an tseanmhuintir agus áthas ciúin, ceilteach ar an aos óg! Ná bí den bharúil go raibh achan rud i gceart leis an saol sna laethanta sin. Cuireann sé corraí orm go fóill nuair a smaoiním ar nós amháin a bhí coitianta go leor sa dúiche; ‘ sé sin nuair a bhíodh baicle fear ag teacht ‘ na bhaile ón phortach, go rachadh siad isteach i dteach leanna agus go bhfágadh siad na hasail bhochta ina seasamh ceangailte uair i ndiaidh na huaire agus ualach trom móna in achan chliabh. Agus ansin corruair chífeá fear ag teacht amach, b ’ fhéidir leathólta agus mura mbogfadh an t - asal bocht, thosódh sé ar dhrochíde a thabhairt don chréatúr bhocht le bata. Rud cruálach eile a ba ghnách tarlú ná go mbíodh na hasail ag dul thart agus na crúba chomh fada sin orthu go mbíodh siad ag éirigh casta agus ag lúbadh suas i dtreo a nglúine. Agus tharlaíodh seo mar go mbíodh an lucht ar leo iad ró fhalsa nó neamhchúramach leis na crúba a ghearradh mar ba chóir!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3