Guth Ghoill, eagrán 17
Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 8 I lár na seascaidí shocraigh mé a dhul anonn go Londain fá choinne tréimhse. I ndiaidh trí mhí a chaitheamh ag cineálacha éagsúla oibre - tamall ag obair i monarcha, agus tamall eile ag náibhíocht smaoinigh mé gur dheas an rud é a bheith i mo shiúinéir (carpenter). ‘ Sé an chéad rud a rinne mé ná bosca breá a dhéanamh do mo chuid uirlisí agus caithfidh sé go raibh méid bhreá ann mar ba ghnách le cuid de na fir chliste a bhí fá Londain a rá liom ar maidin. ‘ I see you ’ ve brought your coffin with you ’! Leis an chineál seo cainte in mo chuid cluasa cha raibh mé i bhfad ag cailleadh cibé nóisean a bhí i mo cheann faoin tsiúinéireacht agus thosaigh mo chuid súile ag casadh i dtreo na spéire agus an crann tógála (crane) mór ard a bhí ag dul as amharc sna scamaill ar an suíomh tógála a raibh mé ag obair air. ‘ Anois nach mbeadh obair den chineál seo i bhfad níos dúshlánaí agus níos suimiúla ’ arsa mise liom fhéin. Rinne mé roinnt fiosrúchán agus ba é bun agus barr an scéil ná gur cuireadh mise faoi chúram fir a raibh taithí na mblianta aige ina shuí thuas i gcábán beag ar bharr cheann de na hinnill seo. Is cuimhin liom go maith an chéad lá a rinne mé mo bhealach suas an dréimire ag tarraingt ar an chábán beag sin sa spéir. Ghlac sé tamall orm mé féin a tharraingt le chéile agus tabhairt faoi. ‘ Sé an rud is mó a thiomáin mé anois ná nach dtiocfadh liom a shásamh a thabhairt don fhear seo, go raibh mé ar dhóigh ar bith critheaglach de thairbhe go ndeachaigh mé ag lorg na hoibre seo sa chéad áit. D ’ imigh mé liom cibé, céim ar chéim agus duine ar bith a chonaic mise an mhaidin sin shílfeadh siad go raibh cleachtadh na mblianta agam ar an dréimire. Ach ní sin an dóigh a bhí mise ag mothú taobh istigh agus ar an drochuair dom féin cad é a rinne mé nuair a bhí mé thart fá leathbealaigh suas ach amharc síos, rud a bhí thar a bheith amaideach! Bhain an radharc an croí asam ach ní raibh tiontú ar ais ar bith ann agus nuair a bhain mé ceann scríbe amach bhí mé ar maos i mo chuid allais. Tháinig mé chugam féin in achar ghoirid agus bhain mé lán mo dhá shúil as an radharc iontach a bhí sínte fúm, ní dhéanfaidh mé dearmad a choíche ar an radharc sin - cathair Londain spréite amach romham. Ach istigh i mo chroí bhí a fhios agam go gcaitheann cibé a théann suas a theacht anuas agus leoga ní raibh an teacht anuas a dhath níos socharaí ar an chroí ná mar a bhí an dul suas. Ach bhí intinn shuaimhneach agam i ndiaidh an chéad lá sin mar bhí a fhios agam go raibh an chéad choiscéim glactha agam ar mo bhealach in airde sa tsaol! Ní raibh mórán den Bhreatain nach bhfaca mise le linn na mblianta a chaith mé mar thiománaí crainn tógála mar gur obair mé ó cheann ceann na tire sin, ag obair ar cho- narthaí idir bheag agus mhór. Bhí a lán cineálacha éag- súla crainn tógála ann. Bhí réimsí airde iontu ó 200tr. go dtí 600tr. agus sna blianta deireanacha bhí córas rí- omhaireachta iontu fosta. Dár ndóigh nuair a bhíonn tú thuas sa spéir ag an airde sin beireann an ghaoth ort agus caithfidh mé admháil go raibh roinnt uaireanta i rith an ama sin ar cuireadh an fionnadh ina sheasamh ar mo mhuineál. D ’ fhéadfadh an crann tógála luascadh dhá mhéadar i dtreo ar bith nuair a bheadh séideán maith gaoithe ann. Mar sin de bhí amanna ann a raibh cosa farraige riachtanach! Ach bhíodh amanna fosta a dtiocfadh leat a bheith ar do sháimhín só. Nuair a bhíodh an crann tógála díomhaoin chuirinn síos an citeal agus shuínn ansin ag éisteacht leis an raidió agus ag amharc ar an saol mór ag imeacht faoi dheifir thíos fúm. Ba radharc eile a bhí ann ar an domhan nach bhfaigheann mórán daoine deis a fháil, an chine dhaonna agus iad mar a bheadh seangáin ann agus an trácht mar a bheadh bréagáin ann. Sin mar a bheinn go dtí go dtiocfadh treoracha ón talamh chugam ar an raidió. Ba é an t - aon chuairteoir a bhí agam na blianta sin a chaith mé sa spéir ná préachán a ba ghnách fuinneog an chábáin a bhuaileadh lena ghob nuair a bhíodh sé ag lorg píosa de mo lón. Bhí amanna ann dár ndóigh a bhí leadránach agus a ra- chadh an t - am thart go mall. Bhíodh orm suí sa chábán ar feadh tréimhsí fada nuair a bhíodh na h - oibrithe ar an talamh ag líonadh coincréite. Ní raibh a dhath níb fhearr a thiocfadh liom déanamh sna cásanna seo ná éisteacht leis an raidió agus amhráin a cheol. Bhí amanna eile ann a mbíodh orm obair dhallta a dhéanamh, seo nuair nach mbínn ábalta an obair a bhíodh le déanamh ar an talamh a fheiceáil agus bhínn faoi smacht ag treoracha a thigeadh ó fhear le raidió láimhe ar an talamh. Sna cásanna seo chaithfinn m ’ intinn a dhíriú isteach go cúramach ar an obair a bhí le déanamh mar go mb ’ fhéidir go mbeadh ábhar éigin a bheadh suas le ceithre thonna dhéag i meáchan le cur ina shuí i gcoirnéal chúng éigin. Ní thiocfaí neamart a dhéanamh sna cásanna seo mar go dtiocfadh le neamart bheag ar bith beatha daoine a chur i mbaol. Bhí scrúdú seachtainiúil le déanamh ar an trealamh fosta. Bhíodh orm dreapadh amach ar an jib agus ola agus grease a chur ar rópaí iarainn agus ar bholtanna. Bhí seo go breá ar lá breá gréine ná thiocfadh le fear cuid den ghrian a fháil fosta! Is beag a shíl mé nuair a chuaigh mé go Londain fá choinne tréimhse i lár na seascaidí go mairfeadh an tréimhse sin ocht mbliana déag agus fiche. Tháinig mé amach as mo chábán sa spéir agus anuas an dréimire don uair dheireanach i mí na Bealtaine i mbliana. Tá mé anois ag baint sult as mo chuid cosa a bheith go daingean ar ‘ terra firma ’ agus dár ndóigh bainim sásamh mór as corr chluiche gailf. Eoghan Ó Luodhóg. (Eoghan Johnny Shéamais). In Airde Sa Spéir.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3