Guth Ghoill, eagrán 17
Deireadh Fómhair, 2007 Eagrán 17 9 Turas na gCurach go hÁrainn Mhór. Ag cruinniú de Choiste Mhíobhaigh am éigin i dtús an tSamhraidh smaoinigh muid ar na curacha a iomramh go hÁrainn Mhór. Bhí a fhios againn go raibh seo mar dhúshlán do na rámhaithe agus spreag seo iad. Chuaigh muid i dteagmháil le muintir an oileáin agus bhí siadsan breá sásta ó thaobh an chultúir agus ó thaobh na teanga de mar go raibh ceangal mór idir mhuintir Ros Goill agus mhuintir an oileáin ó am na hiascaireachta scadáin de. Shocraigh muid an turas a dhéanamh i ndeireadh mí Lúnasa mar go raibh na taoidí fóirsteanach ag an am seo. An darna rud a bhí le déanamh ná foireann a thoghadh agus ní raibh deacracht ar bith le sin mar go raibh, ar a laghad, sé chloigeann déag a bhí sásta a bheith páirteach sa rámhaíocht. Ina measc bhí beirt bhan, Fíona Pasoma agus Caitlín Buntain. Coiste Forbartha Mhíobhaigh Bhí an t-ádh orainn go raibh Liam Mac Giolla Easpuig a bhfuil bád ribe aige, agus lena chois sin go bhfuil sé ina thraenálaí báid cumhachta, le cuidiú linn. Ba é Liam a leag amach cúrsa na farraige dúinn ó Ché na nDúnaibh go Cé Árainn Mhóir agus bhí an cúrsa seo os cionn deich míle is fiche ar fhad. Tá buíochas mór tuillte aige ó thaobh comhairle agus úsáid a bháid ar an lá agus rinne sé urraíocht léinte ar an fhoireann uilig. Caithfidh muid ár mbuíochas a thabhairt do John Joe Rowl and ó Chumann Tumadóireachta Chuan na Long ar son an bád ribe a thabhairt dúinn fá choinne an turas. Bhí na báid seo iontach tábhachtach ó thaobh sábháilteachta de ar an fharraige. Bhí na socraithe ó thaobh lóistín ar an oileán fágtha ag Fíona agus rinne sí sár-jab de. Caithfear a rá go raibh na fir rud beag amhrasach ar dtús ach ní raibh sé i bhfad gur chruthaigh siad muid ciotach mar i ndeir- eadh na dála bhí siad ina scoth rámhaithe. Sílim féin go bhfuair siad an spreagadh seo ó mhná na Gaillimhe a chonaic siad ag iomramh thall ar Oileán Í. Bhí an traenáil crua ach mar sin féin bhí na foirne uilig ansin mar bhí na curacha amuigh ar an fharraige tráthnóna i ndiaidh tráthnóna, agus go minic Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh fosta. Bhí a fhios againn go raibh an turas seo ag brath go mór ar an aimsir agus go mór mhór ar an fharraige agus mar sin de bhí orainn "Plean B" a bheith againn. D'fhág muid Cé na nDúnaibh ar an Aoine 31ú Lúnasa thart fá 8.00 r.n. agus ní raibh muid i bhfad thíos an bhá nuair a bhí a fhios againn go mbeadh "Plean B" le cur i bhfeidhm mar go raibh gaoth láidir aniar aduaidh ann agus buille trom san fharraige. Bhí na foirne
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3