Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 10 Giolla Bhríde, Gilbert Mac Gairbheith, Maggie Wil- son agus Bert Mac Gairbheith a thug eolas agus pictiúir dúinn. Seo eagrán na Nollag de Ghuth Ghoill agus tá súil againn go mbainfidh sibh sásamh as. Tá muid i gcónaí sásta labhairt le duine ar bith a bhfuil idéanna ar bith aige/aici faoi dhóigh ar bith a dtiocfaí feabhas a chur air. Thig glaoch a chur ar 074 - 9154830. Tá muid an - bhuíoch do na daoine sin a scríobhann píosaí dúinn go rialta nó ó am go chéile agus ba mhaith linn dá gcuirfeadh na daoine sin barr maith ar na pinn luaidhe mar go mbeidh muid ag lorg píosaí úra uathu sa bhliain úr. Mar a tá a fhios agaibh bhí Guth Ghoill le fháil áit ar bith sa domhan ar chostas 20 Euro ach de thairbhe costais bhreise tá orainn an táille seo a ardú go dtí €25. Tá an líon síntiúsóirí atá ag baint úsáide as an ais seo ag méadú achan bhliain. Fágfaidh sé gnóthaí níos fusa dúinne nuair a íoctar an táille seo ag tús na bliana. Ba mhaith le Coiste CéimAniar Beannachtaí na Nollag a ghuí libh agus tá súil againn go mbeidh rath agus ádh oraibh fhéin agus bhur mbunadh don bhliain úr. Willie Mac Gairbheith.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3