Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 13 seanteach a chóiriú mar a bhí sé sna blianta a chuaigh thart agus d’fhiafraigh sé domh an mbeadh suim agam an obair a dhéanamh. Leis an fhírinne a rá cha raibh a fhios agam cá háit le tosú. Tá cuimhne mhaith agam ar an chéad lá a thosaigh mé fhéin agus Gearóid Mac Giolla Bhríde (Gerard Steafáin) ar an obair, go ndéana Dia trócaire ar a anam. D’fhiafraigh sé díom an raibh mé i gceart sa cheann ag tabhairt iarraidh ar an teach seo a chóiriú, mar ní raibh fágtha ach ballóga agus bhí na driseoga agus an cúl faiche chomh hard leis na ballaí. Mar sin féin luigh muid isteach ar an obair agus de réir mar a bhí muid ag dul ar aghaidh bhí muid ag cluinstin scéalta úra achan lá faoin teach seo. Teach Phaidí Óig. Is é seo ceann de na tithe a bhfuil mé ag amharc síos air le fada an lae, suite i mbaile fearainn Ghleann Uraí, ag amharc amach ar an Atlantach. Seo teach a bhfuil cuid mhór scéalta ag baint leis, mar a d’inis “Scéalaí an Táilliúra” san eagrán deir- eanach den iris seo. Níl cuimhne agam féin ar dhuine ar bith a bheith ina chónaí sa teach sin agus mé ag éirigh aníos ach insíodh go leor domh fá dtaobh de. Cheannaigh fear as an Ostair an teach seo agus teach na nDochartach ag deireadh na n-ochtóidí. Dúirt sé liom lá amháin gur mhaith leis an
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3