Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 14 Scéal amháin a d’inis Frances King dúinn ná scéal faoi rud a tharla dí fhéin nuair a bhí sí ina cailín óg. Nuair a fuair an duine deireanach i dteach Phaidí Óig bás, tógadh suas an simléar í le hamharc an raibh bosca an airgid i bhfolach thuas ann, ach ní raibh sé le feiceáil. Dúirt sí liom go bhfuarthas an bosca tamall ina dhiaidh sin faoi leac na tine. De réir a chéile chríochnaigh muid an obair i ndiaidh deacrachtaí móra, agus thig liom a rá go n-amharcann sé go maith. Tá áthas mór orm go mbeidh an teach seo coinnithe mar atá sé ar feadh na blianta fada. Seán Mac Giolla Bhríde. Naíonáin Bheaga Scoil Dhuibhlinn Riabhach Naíonáin Bheaga Scoil na nDúnaibh Tháinig Daidí na Nollag ar roinnt cuairteanna le goirid agus seo é ag tabhairt amach bronntanas do pháistí Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne agus do pháistí Club Tír na nÓg. * * * *
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3