Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 15 Seoladh Leabhar Jack. Bhí mé ‘ mo shuí i gColáiste Ros Goill oíche Aoine an 26ú Deireadh Fómhair. Bhí cúigear nó seisear againn a bhí sa rang céanna ar scoil Dhoire a ’ Chasáin ag taobh a chéile. Bhí callán creathnach ann agus is é mo bharúil nar thug aon duine an callán sin faoi deara mar go raibh aoibh iontach mhaith ar achan duine, agus iad ag caint in ard a nglór. D ’ fhéadfadh strainséir ag an doras, nach mbeadh a fhios aige caidé a bhí ag gabháil ar aghaidh, sílstean gur rang tachráin, a d ’ fhág an máistir ar a gcomhairle féin a bhí ionainn, agus ar dhóigh, sin mar a bhí. Bhí daoine ann nar chas ar a chéile le blianta agus bhí craic agus bantar tréan glórach eatarthu. Bhí rogha mhaith bidh agus dí ar fáil ag tábla mór in aice an dorais, áit a raibh slua cruinnithe nach raibh amhail ar bith acu ar Hughie Fina bocht, a bhí thuas ar an ardán ag iarraidh eagair a chuir ar an dream agus iad a chur ina suí. Cibé, d ’ eirigh leis sa deireadh agus nuair a bhí muid uilig suite go modhúil, múinte, chuir Hughie An tOllamh Nollaig Mac Congáil, as Ollscoil na Gaillimhe, agus Cathal Ó Diolúin, Rúnaí Chomhaltas Uladh in aithne dúinn, agus thug sé cuireadh dóibh labhairt linn. Rinne siadsan trácht ar an obair dhícheallach a rinne Jack ar son na Gaeilge, agus an bhaint a bhí aige le bunú Choláiste Gaeilge i Ros Goill. I ndiaidh sin labhair Seán Mac Giolla Chearra go líofa, díograiseach, deisbhéalach, mar a rinne a mhuintir roimhe. Chuir a chuid scéalta áthas mór Bridie Uí Dhochartaigh, Peigí Ryder agus Máire Boden An tOllamh Nollaig Mac Congáil

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3