Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 16 ar an lucht éisteachta agus b ’ éigean dó stad go minic agus iad ag bualadh bos agus ag scairteadh in ard a gcinn. Ba é Ciarán Mac Pháidín, mac an mháistir, a chur deireadh leis na hóráidí. Eisean a chuir na scéalta a scríobh a athair i gcló agus bhí an buíochas a bhí tuillte aige le feiceáil nuair a sheas sé suas. Thosaigh an callán agus an bualadh bos arís. D ’ inis sé scéalta greannmhara agus thug sé buíochas do na daoine a chuidigh leis, agus shuigh muid le lúcháir ag éisteacht fhad is a labhair sé go cineálta ar an tseanmhuintir atá ar shlí na fírinne. Bhronn Ciaran leabhar ar an easpag Pilib Ó Buaidhe, mar gurbh i scoil Dhoire a ’ Chasáin a hoileadh eisean fosta, faoi shúil choimhéadach Jack. Tugadh cóipeanna do dhaoine mar bhronntanais siocar an chuidiú agus an tacaíocht a thug siad chun foilsiú an leabhair a thabhairt chun críche. Thug seo deis eile don lucht éisteachta a mórmheas a chur in iúl agus chomh maith le leabhar, fuair siad bualadh bos callánach cairdiúil. I ndeire na dála cuireadh an leabhar ar díol. Leis an leabhar deas úr i mo lámh, agus boladh an pháipéir agus an dúigh úir, chuir sé scoil Dhoire a ’ Chasáin i mo cheann. Ba ghnách le Jack ócáid mhór a dhéanamh de thabhairt amach na leabhar úr. Bhíodh áthas an domhain orainn na leabhair a fháil agus chothaigh an máistir ionainn fiosracht, grá agus meas ar an eolas. Ciarán Mac Pháidín Seán Mac Giolla Chearra agus an tEaspag Pilib Ó Buaidhe Bronnadh an leabhair ar Hugo, dearthair Jack. Seán Mac Giolla Chearra agus Caitlín Mhic Pháidín.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3