Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 17 Thosaigh léar daoine ag léamh an leabhair chomh tiubh géar is a fuair siad é, ach ní sin a rinne mise. D ’ fhan mé go raibh mé sa bhaile. Las mé an tine, rinne mé tae agus shuigh mé cois na tine. Bhí sé leathuair i ndiaidh an mheán oíche. D ’ fhoscail mé an leabhar. “ I ndeisceart Ros Goill faoi Loch ‘ s Alt, i mbaile fearainn a dtugann siad Gleann Iartharach air, a rugadh Antain Mac Eiteagáin , nó mar ab fhearr aithne air, Antain Rua..... ” Bhuel, chuaigh mé a luí i ndiaidh a trí ar maidin. Bhí cuid mhaith den leabhar léite agam. Bhí cumha orm (cha raibh mé san Íochtar), bhí crá croí orm ag smaoineamh ar na timpistí farraige, ach go mór - mhór bhí mé buartha ag cuimhneamh ar na daoine a d ’ inis na scéalta seo dúinn sa tsean - am. Muidne na seandaoine anois. Is mór an gaisce a rinne Jack an oidhreacht seo a fhágáil againn. Bhí mé ag caint le cuid de mo chomrádaithe lá arna mhárach. Cosúil liom fhéin, bhí an leabhar léite acu agus bhí muid ag caint go fonnmhar fá na scéalta – Jack ag athbheochan iontas an eolais ionainn arís. Cuid eile de mo chairde, chaith siad an oíche ag ceol, ag ól, agus an - chraic acu (níl a fhios agam c ’ áit!). Cha deachaigh siad 'na bhaile go raibh an mhaidin gheal ann, agus leoga bheinn leo ach gurbh é go raibh droch shlaghdán orm. Tá lúcháir agus bród orainn fá Leabhar Jack agus caithfidh muid a bheith fíorbhuíoch do Chiarán agus d ’ achan duine eile a bhí páirteach a chur le chéile. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta arís, le linn mo bheatha, cur síos a dhéanamh ar leabhar eile. Tá tréan scríobhnóirí san Iochtar. Tógaigí bhur bpinn nó suígí síos ag bhur ríomhairí agus tosaigí. Bhearfaidh mé an chead abairt daoibh. Seo é: I ndeisceart Ros Goill, faoi Chnoc na hÁiteannaigh, i mbaile fearainn a dtugann siad Doire a ’ Chasáin Beag no Ard na dTrioplóige air, a tógadh Jack Mac Pháidín, nó mar ab fhearr aithne air, “ Jack beag ” “ An Máistir ” nó “ É féin ” Finola Harte.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3