Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 18 Garda Cósta na Maoile Ruaidhe. Naoi gcloigeann déag de bhalraíocht atá ag Garda Cósta na Maoile Ruaidhe agus tá éagsúlacht mhór idir na baill ó thaobh taithí de, de thairbhe go bhfuil baill ansin ón am a bunaíodh an tseirbhís sa bhliain 1992 faoin ainm Tarrtháil Cósta agus Aille na Maoile Ruaidhe , agus tá baill ansin atá i ndiaidh a theacht isteach sa tseirbhís i mbliana. Tá an traenáil a théann ar aghaidh leanúnach agus ar bhun rialta, achan dara seachtain, ag déanamh sealaíochta idir oíche i rith na seachtaine agus tráthnóna ag an deireadh seachtaine. I measc na ngníomhaíochtaí éagsúla a bhíonn ar siúl againn sa trae- náil bíonn: tarrtháil báid, tarrtháil aille, teicníochtaí sa chuardach agus tarrtháil, gartharrtháil, cumarsáid raidió, obair ró- pa agus obair chairte. Ceathrar de chriú atá riachtanach don bhád agus déantar cleachtadh agus trae- náil go rialta i mBá na Maoile Ruaidhe agus i mBá na nDúnaibh. Sa traenáil seo déantar cleachtadh ar a bheith ag cur an bháid san uisce, cleachtaithe tarrthála ar fhear san fharraige, cleachtaithe ar thiontú báid ar luas ard, ag teacht taobh le bád, ag cur téad ar bhád, ag iompú báid bheaga béal faoi agus a n - iompú ar ais, ag coinneáil bád faoi smacht leis an ancaire agus obair loingseoireachta. I mbliana chuir muid isteach innill chúpla 115ec. in áit an dá inneall cúpla 100ec. a bhí istigh cheana agus thig leo luas 38 muirmhíle a dhéanamh. Trí dhuine dhéag ar fad atá a dhith leis an obair uilig a bhaineann le hobair aille a chur i gcrích agus san áireamh anseo tá obair a bhai- neann le bearta sábháilteachta ar bharr na haille. Ar na haillte dé- antar cleachtadh ar dhreapadóireacht, ag tabhairt tarrthála ar dhaoine a bhíonn gortaithe (bíonn réimse de chineálacha éagsúla gortuithe san áireamh anseo, daoine atá gortaithe ach ábalta siúil agus ansin tá da- oine a gcaithfear a chur ar shínteán (stretcher)), ag baint úsáide as mo- dhanna ar leith ag brath ar an chineál cás atá i gceist. Bhí an bhliain seo thar a bheith ciúin le taobh blianta eile. Ní

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3