Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 19 bhfuair muid ach cúig ghlaoch le dhul amach i mbliana agus tá seo cuid mhaith níos lú ná an gnách líon glaonna, a bhíodh ó 15 - 20. Tá lúcháir orainn go bhfuil daoine i ndáiríre faoi chúrsaí sábháilteachta ar an fharraige agus tá seo le feiceáil ar an líon glaonna a fuair muid. I measc na nglaonna a fuair muid bhí eachtraí macasamhail an chuardaigh don tumadóir a cailleadh seacht míle dhéag ó thuaidh ó Cheann Mhálainne; cuidiú a chur ar fáil do chanúire (canoeist) a bhí i mbuaireamh fá Bhá Dhún Fionnachaidh agus don bhád beag a chuaigh ina airicis ach a raibh cuidiú a dhiohbáil uirthi fosta; agus eachtra a tharla san oíche nuair a bhris bád beag 4.5m a cábla stiúrtha in aice le Cnoc an Mharmair ( Marble Hill). Bíonn muid páirteach i réimse de ghníomhaíochtaí pobail i rith na bliana. Bíonn cúraimí tacaíochta ó thaobh sábháilteachta orainn le linn an snámha bhl- iantúil i gCnoc an Mharmair Lá Nollag Beag, le linn an Regatta, le linn comórtaisí toinníochta gaoithe, le linn rása rafta na féile, agus rinne muid dhá bhád a thionlacan fríd fharraigí Ros Goill le linn dóibh a bheith ar dhúshlán farraige thart ar an tír; chruinnigh muid airgead do Scoil Naomh Íosaph i mBaile Átha Cliath, scoil do pháistí atá dall. I gcás éigeandála (emergency), má tá deacrachtaí agat, ná cuir an glaoch chuig Garda Cósta na hÉireann chun moille. Tá sé níos fearr an bád tarrthála a dhul ‘ un farraige agus an héileacaptair a dhul san aer agus scéala a fháil pilleadh ar ais ná iad a bheith ar láthair na trioblóide nuair atá sé ró- mhall. I gcás éigeandála cuir glaoch air 999 nó 112. An t-Oireachtas 2007 Bhí Oireachtas na Samhna 2007 thíos i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo ón 1ú go dtí an 3ú lá de mhí na Samhna. Bhí beirt as an pharóiste seo, Roisín Ní Bhuaidhe agus Laura Nic Eiteagáin, páirteach ann i mbli- ana. Bhain an bheirt seo an dara háit amach sa chomórtas faoi dhá bhliain déag anuraidh agus i mbliana bhí siad sa chomórtas faoi aois chúig bliana déag. Tho- saigh siad ag cleachtadh an agallaimh ar an 20ú lá de Mheán Fómhair agus choinnigh siad ag dul don chleachtadh go díograiseach achan seachtain go ham an chomórtais. Níl ann ach an chéad áit agus an dara háit sa chomórtas agus ar an drochuair, cé go ndearna siad cur i láthair iontach, níor éirigh leo duais a thógáil i mbliana. Is cuma faoi sin anois mar tá cumas na n-agallaimh sna girseacha seo agus tá feabhas go bráth ag teacht orthu achan bhliain. Tá “chéad áit” san Oi- reachtas iontu amach anseo gan amhras agus tá súil agam go spreagfaidh iarracht s’acu déagóirí eile chun agallaimh a dhéanamh amach anseo.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3