Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 20 Curach Bhaile Átha Cliath. I ndiaidh cluiche ceannais na hÉireann na bliana 2006 idir Chiarraí agus Mhaigh Eó, an cluiche sin a chuifeadh beaguchtach ar dhuine a bheith ag amharc air, bhí cúpla duine againn, mé fhéin, Eddie Gallaghar (Éamon), agus Aeneas Mac Laifeartaigh (Mharcuis) inár suí i gClub na Múinteoirí i gCearnóg Pharnell ag ól cúpla pionta. Bhí an leann dubh a chaitheamh siar agus cha raibh aon fhadhb ná deacracht ar dhroim an Domhain nach raibh muid a réiteach. Tharraing Aeneas air an scéal faoin dóigh ar thóg scaifte as Mí- obhaigh dhá churach agus go raibh shúil ag dream eile ceann a thógáil an Geimhreadh sin ar an taobh thiar. ‘Cad é fá cheann a thógáil i mBaile Átha Cliath?’ arsa Eddie. Bhí an síol curtha aige agus de réir mar bhí an tráthnóna ag dul thart agus Arthur ár ngríosadh d’éirigh obair thógáil curaí níos fusa agus níos fusa go dtí sa deir- eadh go dtiocfadh le hamadán ar bith curach a thógáil. Lá arna mhárach chuir mé fhéin glaoch ar Eddie, “B’fhearr dúinn anois” arsa mé fhéin “gníomh a chur leis na focla”. Bhí Eddie ag súil gur aislingeacht a bhí sa tráthnóna roimhe sin agus le mise a chur ó dhoras dúirt sé go mbeadh sé toilteanach labhairt le cúpla stócach eile as thart a bhí ag obair i mBaile Átha Cliath. Nuair a chuir sé an smaoineamh seo chuig Pádraig Mac Giolla Bhríde (Proinsí), agus Pól Ó Brogáin (Dinis) shíl siadsan gurb fhiú go mór tabhairt faoi agus bhí siad iontach sásta a bheith mar pháirt den fhoireann. Dúirt James Mac Laifeartaigh (James Dinis Aindí) fear a bhfuil ós cionn trí fichid bliain caite aige as baile, idir Londain agus Bhaile Átha Cliath, go mbeadh seisean sásta cuidiú a thabhairt dúinn fosta. Chuaigh muid i gceann oibre ar an churach am inteacht thart fá lár Mhí Eanáir amuigh in Citywest. Bhí curacha tógtha ag cuid aithreacha Phádraig agus Phóil roimhe sin agus ag uncal de chuid Phádraig fosta, sin Dinis Dhonchaidh Mhícheáil agus fuair muid tomhaiseanna uathusan le muid a chur ar an bhealach. Chas muid le chéile de ghnách tuairim is uair amháin sa tseachtain ag tús agus chuir muid síos an fráma. Adhmad learóige (larch) a d’úsáid muid ar thosach na curaí agus rinne muid é a ghalú agus a lúbadh leis na cuair a dhéanamh. Tháinig na slatacha coill agus saileoige as Ros Goill. Rinneadh na slatacha a fhí, agus a cheangal le chéile agus ansin cuireadh isteach i bpoill iad a bhí déanta i bhfráma na curaí, áit ar dearnadh iad a dhaingniú le dingeacha (wedges). Bhí muid réidh anois leis an churach a chlúdach. Línéadach a d’úsáid muid don obair seo agus ba Martin Wade a ghearr agus a d’fhuáil é go hoilte i gcruth na curaí. Greamaíodh an línéadach den churach le tairní copair. Cuireadh tarra sa mhullach ar seo agus cuireadh é air go flúirseach sul ar cuireadh an chéad chlúdach eile de línéadach uirthi. Cóta eile de thar te anois agus bhí sí chóir a bheith réidh. Rinneadh bloic do na roillicí, rinneadh an fráma a vearnaiseáil agus sa deireadh thiar thall rinneadh na rámhaí. Bhí sí anois réidh do na triallacha agus chuir muid í faoi thriall ar Loch Blessington. De thairbhe go deachaigh achan rud go maith shocraigh muid an dáta lainséala don 8ú Nollag. Chuir muid amach cuireadh ag daoine ón cheantar a raibh cónaí orthu fá Bhaile Átha Cliath agus fá áiteacha nach raibh rófhada ón chathair, go mbeadh an lainseáil amuigh ag Dún Laoghaire.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3