Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 21 Bhí scaifte breá de bhunadh Ros Goill, tuairim is dhá scór acu, i láthair i nDún Laoghaire ar an Sathairn an 8ú lá nuair a rinne an tAth Micheál Ó Ceallaigh sagart de bhunadh na nDúnaibh an curach a choisreacadh. Leanadh le traidisiún áitiúil nuair a tharraing Pádraig Phroinsí amach buidéal uisce beatha, líon sé amach gloinne de agus chaith sé é isteach san fharraige chuig na síogaithe. D’ól na fir a bhí ag dul ‘na farraige gloinne ansin. Ba seo gnás a bhí ann le daoine a shábháil ón síon. (Leoga leithscéal maith a bhí ann le deoch a fháil!). Cé nach raibh an bád farrantóireachta ábalta seoladh go Hollyhead an lá sin de thairbhe cúrsaí aimsire de níor chuir seo bac ar bith ar bhunadh Ros Goill a gcurach a chur ‘na farraige agus sin a rinne muid thart fán trí a chlog. Nuair a bhí ócáid na lainseála thart d’imigh an chuideachta uilig suas go dtí an Purty Kitchen áit ar caitheamh tráthnóna suáilceach. Le deireadh a chur le scéal na curaí ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl daofa seo leanas: An tAth Mícheál Ó Ceallaigh, a choisric an churach, do William Mc Nutt a thug dúinn an línéadach, Máistir Poirt Dhún Laoghaire agus Gardaí an Phoirt ar son a gcuid fáilteachais, Tom Mitchell as Sligeach a thug an tarra agus do Tom Mc Fadden ar an obair phroifisiúnta a rinne sé don ghrianghrafadóireacht. Ar deireadh thiar thall cha dtiocfaí dearmad a dhéanamh do na daoine uilig a d’fhreastal ar an ócáid, go háirithe iadsan a chur turas fada orthu féin. Séámus Mac Giolla Chearra. (James Shéarlaí John Nochaí). Seo cuid de na déagóirí atá ag freastal ar na ranganna Gaeilge in Áras Ros Goill agus an múinteoir Mícheál Mac Laifeartaigh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3