Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 23 Is é seo an t - am den bhliain a bhfuil intinn na ndaoine dírithe isteach ar ghnóthaí na Nollag. Tá litreacha sa phost do Dhai- dí na Nollag, tá maisiúcháin na Nollag curtha in airde sna tithe agus tá tús curtha leis an siopadóireacht don lá mór. Tá traidisiún eile Nollag sa cheantar seo anois le tamall de bhlianta agus is é sin na geamaireachtaí. Is é seo an tríú bliain do na páistí i Scoil Naomh Bríd, na Dúnaibh agus Scoil Cholmcille, Duibhlinn Riabhach geamaireacht a dhéanamh agus caithfidh mé a rá go bhfuil an caighdeán ag dul in airde achan bhliain. I mbliana rinne Scoil na nDúnaibh ‘ Jaeic agus an Beanstalk ’ agus rinne Scoil Dhuibhlinn Riabhach ‘ Oileán Seoide ’ ( Treasure Island). Thosaigh na cleachtaithe go luath i Mí na Samhna agus tá sé soiléir ó na taispeántais a thug siad gur chuir na páistí léar oi- bre isteach ins na tógraí seo. Tá moladh mór tuilte acu, ní amháin ó thaobh aiste- oireachta de, ach ó thaobh na ndamhsaí de fosta. Tá buíochas mór tuillte ag Erin Nic Iomhair, na Dúnaibh agus ag Cloe Borland, Duibhlinn Riabhach ar son na cói- réagrafaíochta iontach a rinne siad le Jeaic agus le Oiléan Seoide faoi sheach. Na Geamaireachtaí. Oileán Seoide Jaeic agus an “ Beanstalk ” Ar an Aoine, an 14ú Nollaig chuaigh páistí Dhuibhlinn Riabhach ar an ardán le Oileán Seoide. Thosaigh an seó ag a leath i ndiaidh a seacht le hamhráin ó na ranganna eile agus ansin bhí crannchur ann. Thosaigh an geamaireacht thart faoi leath i ndiaidh a hocht. Bhí slua mór i láthair agus de réir cosúlachta bhain siad uilig sult as an oíche.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3