Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 25 COIRNEÁL THUAITHAIL. Seo fear an taoibh thoir arís agus é ag aislingeacht faoin sean “Lada” a cheannaigh sé. Níl mórán céille leis ó am go ham ach tá craiceann maith aige ar an scéal seo. Mar a dúirt mé roimhe, chuir mé litir bhreá ghéar chuig bainisteoir an gharáiste ag Barr an tSléibhe i Leitir Ceanainn agus tháinig sé anuas chun socraithe a dhéanamh linn. Thug mé giota maith de m’intinn dó agus scainnir do a chuir an croí agus an cac ar crith ann. Idir muid fhéin, chuir mé giota beag eile leis an scéal anseo agus ansiúd. D’inis mé dó gur an rud ba mhó a chuir is- teach orainn ná nuair a chuaigh an scéal amach fríd an bhaile agus an pharóiste gur thit an tóin amach as cófra an Lada s’againne go raibh cuid madaidh an bhaile ag troid faoinár gcuid torthaí. Dúirt mé leis gur chuir sin an hata stáin ar an scéal agus nach raibh sé maith go leor. D’inis mé dó gurbh éigean dúinn tacsaí a fháil, tacsaí a dhéanfadh turas goirid de, le dul chun an Aifrinn mall Dé Domhnaigh. Thiomáin an boc sin suas an trá mar a bheadh fear mire ann agus bhí mé réidh le cnai- pe a scaoileadh nuair a fuair muid fhad le Teach a’ Phobail agus mé chomh bán le taibhse. Nuair a chuaigh muid isteach bhí scaifte ina seasamh thíos ar chúl an tséipéil. Thug mé fá deara fear beag anuas ó na cnoic, a raibh maróg agus cruit air, ag caint lena chairde agus daoine eile in aice leis. Chaoch sé orm agus cár gáire air ó chluas go cluas. Bhí mé den bharúil gurbh fhéidir go bhfuair sé tuai- rim faoi scéal an Lada. Ní raibh maitheas ar bith aige faoina eiteog. Chuaigh muid suas lár báire i ndeas don altóir. Nuair a d’amharc mé trasna bhí an cruiteachán agus a chara ina suí ar an taobh eile ag amharc trasna orm, lena n-ordóga tógtha. Thosaigh an sagart ar an Aifreann agus ansin ar an tseanmóir. An chéad rud a labhair sé faoi ná costas dí sna tithe ósta, agus na sean rógairí a bhí a reáchtáil. “Tá mé ag caint faoi theach ósta sna Dúnaibh, áit a bhfuil fir aosta, chríonna ina suí suas go dtí scairt an choiligh ag a sé a chlog ar maidin ag caint faoi shean charranna”, a dúirt sé. Déarfainn b’fhéidir gurbh é an rud is mó a bhí ag cur isteach air ná nach raibh sé ina gcuideachta (an ólann cat bainne). Dúirt sé nach raibh amadán ar bith chomh olc le seanamadán agus an mhéar sáite suas aige ag amharc anuas ormsa. Thug mé súil trasna ar na boic agus bhí na hordóga sáite suas acu agus iad ar crith leis an gháire. Bhí mé i nde- as “comhartha” a dhéanamh leo nuair a thug mé faoi deara go raibh súil an tsagairt orm. “Tá mise ag insint daoibhse go fírinneach go mbeidh na seanrógairí seo uilig ag fáil carranna damanta gasta síos go dtí leacacha ifrinn agus ní Lada’s a bheas iontu.” arsa seisean. An gcreidfeá gur thóg sin mo chroí agus thug mé bualadh bos dó. Bhí iontas orm nuair a rinne na boic eile agus an pobal an rud céanna lena gcuid súile ormsa. Nuair a chuaigh muid suas fá choinne Comaoineach chrom an sagart anuas le cogar i mo chluas. “Ar thug tú maithiúnas don bhoc a dhíol an seanLada leat”? arsa seisean. Dúirt mé gur thug ach nach ndearna mé dearmad. Ansin thug sé Comaoineach domh. Mar a deir siad, sin é sagart críonna. Nuair a bhí mé ag fágáil na haltóra chuir mé mo spág agus meáchan mo choirp síos ar a chuid buinneáin agus lig sé scread as agus choinnigh sin é go socair. Ar ár gcosán amach bhí daoine ag caint faoin seanmóir agus fuair cuid acu greim lámha orm ag rá go raibh siad buartha fá mo thrioblóid. Léim muid isteach sa tacsaí. Bhí na cleiteacha ina seasamh ar “Speedy” ag fanacht linn agus thug sé an bhróg di. Stróic sé amach an geafta agus shílfeá go raibh cuid madaí an uachtar ag stróiceadh an tóin as a bhrístí. Nach muid a bhí sona ag fáil abhaile slán sábháilte. Nach maith an fhoighde a bhí ag bainisteoir an gharáiste a d’éist leis an scéal seo go huile agus go hiomlán. An gcreidfeá go raibh na deora ag reáchtáil anuas a aghaidh. Níl mé cinnte an ag caoineadh nó ag gáire a bhí sé.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3