Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 26 Bhí bratóg leis lena aghaidh a thriomú agus an smug a ghlanadh dá shrón. Ansin dúirt sé gurbh an rud ab fhearr ná Lada eile a fháil domh agus gurbh insíodh dó go raibh seanLada ag nocáil thart fá Charraig Airt agus go raibh sé ag dul go maith. Dúirt sé gur fear mór, sómasach, le grágán gruaige, bairéad agus bréiseach glas air a bhí á thi- omáint siar agus aniar go barr na sráide leis na blianta anuas. Ní raibh a fhios agam cé a bhí sé ag caint faoi. Ní raibh fear ar bith den déanamh sin as Carraig Airt sa “Model” i Falkirk na hAlban i 1952 nuair a bhí mise agus Páidí Nedí ann agus mé briste agus sna bratóga. Dúirt mé leis an bhainisteoir go raibh an seanLada dearg (le meirg) seo cosúil le Rolls Royce an oidhre dlisteanach don Ti- arna Liatroma, go bhfuil an bheirt acu cur- tha faoi shuaimhneas anois. Is é mo chomharsa Páidí an t-aon fhear sa pharóiste seo a bhfuil Rolls Royce aige anois. Le sin thug mé fá deara go raibh bainisteoir an gha- ráiste ag tochas a mhuiníl agus a ghlúine, agus corr áit eile anseo agus ansiúd agus é ag amharc ar an chlog ó am go ham. Dúirt mé leis nach mbeadh deacracht ar bith agam seachtain a chaitheamh sa chúirt ag tabhairt meas ar an damáiste don mheastóir fá choinne an bhreithiúnais dheireanaigh. An gcreidfeá gur tharraing sé sparán amach as a phóca tóna agus chuntas sé €1,800 isteach i mo lámh. Thug mé búta (lucks penny) de €10 dó agus ansin thug sé dearbhán domh fá choinne deich lá saoire sa “Model” i Falkirk, agus costais bia agus dí agus gach rud eile díolta. Tá mé cinnte gur mhaith le mo chara Páidí seal eile a chaitheamh ann. Dearc ar an bheirt againn ag tarraingt suas ag an doras tosaigh sa Rolls Royce agus muid ag bualadh lenár seanchairde. Bheadh siad bródúil agus b’fhéidir go sílfeadh an pobal gurbh í an bhanríon í féin a bhí ag tabhairt cuairt ar na bochtáin nó ag caitheamh seal sa “Model” leis an Rolls Royce sáite thuas ag an doras. Prionsaí Mac Giolla Bhríde. Cupla Seanfhocal                                                                                

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3