Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 27 Biddy (Duffy) Mhic Laifeartaigh. Rugadh Biddy i mBaile ‘n tSléibhe ar 17 Lúnasa 1911. Fuair sí a cuid scolaíochta ar scoil Dhoire a Chasáin. Bhí sí ar fostaíocht ar an Tearmann nuair a d’fhág sí an scoil agus i ndiaidh di an Tearmann a fhágáil chuaigh sí go Béal Feirste áit ar obair sí go dtí 1961. Tháinig sí ar ais sa bhl- iain sin le cúram a thabhairt dá máthair. Fuair a máthair bás i 1963. Phós Biddy Den (Mháire) Mac Laifeartaigh sa bhliain 1964 agus bhí siad ina gcónaí ar an Mhuirleog. Fuair Den bás mí na Nollag 1972. D’oibrigh Biddy in óstán Ros na Binne go dtí’n bhliain 1974. Tá sí ina cónaí ar an Mhuirleog anois lena nia Denis Duffy agus a bhean chéile Madge agus tá sí ag tarraingt ar a 97ú bliain. Is i an duine is sinne sa pharóiste agus an duine deireanach de dheichniúr clainne. Máire Bn Uí Ghallchóir (Ní Shearcaigh) Rugadh Máire i mBráid, Cionn Caslach sa bhliain 1917. Bhí sí ar dhuine de sheisear clainne. Fuair sí a cuid oideachais ar Scoil Mhullach Dubh. I ndiaidh di an scoil a fhágáil chuaigh sí ag obair thuas i Rath Bhotha ag an Sagart Ó Cuineagáin. Fuair sí obair ina dhiaidh sin in Óstlann Charraig Airt samhradh amháin agus ina dhiaidh sin sa Réalt Thuaidh. Ba anseo a casadh a fear céile Pat Gallagher uirthi, agus pósadh iad ar an 7 Márta, 1947 i mBaile Átha Cliath. Thóg siad a dteach féin i gCarraig Airt agus chuaigh siad a chónaí ann sa bhliain 1950. Bhí beirt clainne acu, Hugh agus Lily. Bhí aithne mhaith ar Phat Gallagher mar gur fear tacsaí a bhí ann agus ina dhiaidh sin bhí busanna scoile aige, mar a bhí ag a mhac Hugh go dtí le déanaí. Fuair Pat bás sa bhliain 1997. Reáchtáil Máire teach lóistín agus ba ghnách leí dinnéaracha a dhéanamh d ’ fhir oibre agus do thiománaithe as gach cearn. Tá Máire beo go fóill agus i aice fhéin go maith. Rinne sí a breithlá 90 bliain a cheiliúradh go suáilceach cupla seachtain ó shin i gcuideachta a teaghlach, a comharsana, agus a cairde. Go mbeidh blianta fada, sláintiúil aici.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3