Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 28 Bhí oíche mhór, cheoil, cheiliúraithe, scléipe agus chraic i gClubtheach Ros na Binne, ar an Mhairt an 11 Nollaig nuair a chruinnigh seandaoine na paróiste mar is gnáth fá choinne an oíche bhliantúil a bhíonn acu. Ar an chéad dul síos, bhí béile blasta ar fáil don tslua mór a bhí i láthair, suas le seacht scór duine, idir fhir agus mhná agus togha gach dí dófá sin a bhí a chuardach. Ar ndóiche, bhí siamsa den chéad scoth ann chomh maith, le ceol ó Fhear Fhánada, Séamas Mac Giolla Bhríde agus bhí damhsóirí Gaelacha ann a thug rí-phléisiúr don lucht féachana ar fad. Ba é ceol Shéamais Uí Luadhóig, Dhónail Uí Dhochartaigh leis “An Carraig Airt” agus “An Maggie Pickens” a rinne Jimí Bhriní buaic phointí na hoíche, de réir na dtuairiscí a fuair muid. Ní bhíonn oíche mar seo i gceart ag an am seo den bhliain gan cuairteoir speisialta ón Mhol Thuaidh agus leoga bhí Daidí na Nollag ann gan amhras, cé nach fios cé a bhí ann! De réir cosúlachta, bhí an t-ádh ar na fir siocair líon na mban ach is ag na mná a bhíonn an focal deireanach, mar is gnáth, cionn is go maireann siad níos faide, de réir na staitisticí! Ba mhaith leo a mbuíochas a ghabháil le Proinsias agus Hilary Ó Cathasaigh agus tá an-bhuíochas tuillte ag Coiste Uinseann De Pól agus d’achan duine a chuidigh, beag nó mór agus is iomaí duine a thug cuidiú fhlaithiúil.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3