Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 3 Tagann ainm an bhaile fearainn seo ón fhocal ‘ learg ’ a chiallaíonn talamh a éiríonn le fána agus is cinnte go n - éiríonn an talamh sa bhaile seo le fána ón fharraige ag lag na hUillinne suas go seanscoil Cheann na Leargaidh. Ba ghnách é a scríobh mar ‘ Ceann an Leargaidh ’ ach is dócha gur tharla seo mar sa chaint ba ghnách an ceann agus na a rá mar aon fhocal amháin Ceannna Leargaidh agus ansin tosaíodh ar é a scríobh mar Ceann a ’ Leargaidh. Is dócha go bhfuil Ceann na Leargaidh ar cheann de na bailte fearainn is lú sa pharóiste. Tá sé suite ar bhruach Lag na hUillinne agus ra- dharc breá uaidh suas an Mhaol Ruaidh. Bhí deacrachtaí i gcónaí ag bunadh Cheann na Leargaidh déanamh amach c ’ acu bhí siad ar an taobh thoir nó ar an taobh thiar, c ’ acu faochóga nó péisteoga a bhí iontu!! Leoga leathchéad bliain ó shin ní raibh mórán tithe cónaí i gCeann na Leargaidh - Teach a ’ Táilliúra, (Mac Giolla Bhríde), Teach Keller, Teach Isaac, (Mac Giolla Choinnigh), agus Teach Chlark. Ansin bhí na cottages, ina raibh cónaí ar Chlann Mhic Gairbheith, Chlann Mhic Giolla Bhríde, Chlann Mhic Laifeartaigh agus Chlann Uí Bhuaidhe. Tógadh na cottages sa bhliain 1912 agus baisteadh na cottages úra orthu de thairbhe go raibh cottages Ros na Binne ansin rompu. Tógadh iadsan sa bhliain 1910. Níos faide soir ó na cottages bhí Teach Shéarlaí Dháibhí, (Mac Giolla Choinnigh) ach cha raibh mórán cónaí a dhéanamh sa teach seo leathchéad bliain ó shin; ba Mosie an duine deireanach den teaghlach a rinne cónaí ann agus fiú san am sin cha bhíodh sé ann ró - mhinic. Tá neart tithe sa bhreis i gCeann na Leargaidh anois idir thithe buanhcónaí agus thithe saoire. Seanbhallóg. Bhí seanbhallóg faoi Theach Shéarlaí Dháibhí a raibh cónaí ann tráth den tsaol ar theaghlach eile de shloinneadh Mhic Giolla Choinnigh fosta. Seo áit a nglaoití an ‘ Hole ’ air. Bean a raibh cónaí uirthi sa tseanbhallóg seo ab ea bean a raibh Lizzie the Hole uirthi. Bhí fear ina chónaí i gceann de na seanbhallóga seo fosta a raibh Andy the Weaver air. Bhí Andy ’ s brae mar ainm ar an mhallaigh a shín ón tseanbhallóg suas go dtí an bealach mór ag teach Tom Cahill. Ní raibh bealach ar bith isteach go dtí na tithe seo ach a theacht trasna an chladaigh ag Lag na hUillinne agus dá mbeadh an lánmara istigh ba ghnách leo bád beag a úsáid. Cheannaigh Clann Mhic Gairbheith an talamh a raibh na tithe seo tógtha air chomh maith le limistéar talaimh a shín uaidh anall go dtí Teach Phaidí Phaidí Bhuaidhe. Ba as an tseanbhallóg seo a tháinig bunadh Davy Mc Elhinney, fear a raibh garáiste aige féin agus ag a chlann i bPort na Bláiche ar feadh blianta ach tá an garáiste sin druidte anois agus Davy ar shlí na fírinne le blianta fada. Scoil Cheann na Leargaidh. Ansin thuas ar chúl Tí Isaac bhí scoil Cheann na Leargaidh, scoil Phrotastúnach a cuireadh ar bun sa bhliain 1831 ar mhaoiniú ó Cholonel Robertson. Cé gur scoil Phrotastúnach a bhí inti d ’ fhreastal go leor Caitliceach uirthi fosta mar go raibh sí i bhfad níos cóngaraí do pháistí Ros na Binne agus Cheann na Leargaidh ná bhí ceachtar den dá scoil eile, Scoil Mhíobhaigh agus Scoil Dhoire A ’ Chasáin. Bhí leathchéad páiste ag freastal ar an scoil seo timpeall na bli- ana 1834 - 25 Caitliceach agus 25 Protastúnach, tríocha gasúr agus scór girseach. Is cosúil go dtug an sagart paróiste a bhí anseo 1917 — 1920 an tAthair Ó Baoill cuairt ar thuismitheoirí fá Ros na Binne agus fá Cheann na Leargaidh le linn na tréimhse seo agus gur bhagair sé orthu faoi bheith ag cur a gcuid páistí chuig scoil Phrotastúnach agus b ’ iontach an rud é don am sin go dtug siad an chluas bhodhar dó. Druideadh an scoil seo i mí na Nollag 1944. Cheannaigh clann Uí hAodha an scoil agus rinne siad athchóiriú uirthi le teach cónaí a dhé- Teach Uí hAodha (Áit a raibh an scoil)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3