Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 4 anamh di. Tá siadsan ina gcónaí ansin le fada. Fulacht Fiadh. Níos faide amach an bealach cúl seo agus ar an teora le Cluain tSaileach tá Fulacht Fiadh áit ar ghnách le sealgairí (hunters) a gcuid cócaireachta a dhéanamh le linn an ré iarainn agus mhair an bealach cócaireachta seo go dtí an 16ú aois. Ba ghnách leis na sealgairí poll a bhaint i dtalamh a mbeifí cinnte go líonfadh sé le huisce. Chuirtí adhmad ansin ar thaobhanna an phoill. Dhéantaí clocha a théamh go dtí teocht an - ard i dtine mhór agus ansin chuirtí iad isteach sa linn uisce seo agus ba seo an dóigh a théigh siad an t - uisce. Chuirtí píosa mór d ’ ainmhí, fia b ’ fhéidir, agus é fillte agus clúdaithe suas i gcochán isteach san uisce agus d ’ fhágtaí ansin é ar feadh tréimhse áirithe go dtí go mbeadh sé ré- idh le hithe. Bealach Úr. Rinneadh an bealach atá ag dul síos go dtí na cottages sa bhliain 1958. Bhí scaifte maith de bhunadh an cheantair amuigh ag obair air ach cosúil le cuid mhór bealtaí eile ag an am níor cuireadh tarra ar bith air go dtí an bhliain 1970 agus cha deachaigh an tarra thar theach Mhic Gairbheith, caithfidh go raibh Clann Mhic Gair- bheith ag bhótáil an bealach ceart!! Bhí an seanbhealach síos go dtí na Cottages a bhí in úsáid roimhe sin ag an cheann eile den bhaile agus leoga bheadh sé deacair bealach a thabhairt air bhí sé chomh garbh sin agus bhí cú- pla corradh milteanach air, rud a d ’ fhág é fíor - chontúirteach. Níor ghnách le mórán caran- na é a úsáid, d ’ fhanadh siad thuas ag ceann an bhealaigh. Cuireann sé iontas orm i gcónaí cad é mar a d ’ éirigh le leoraithe a theacht anuas an- sin nuair a bhíodh muintir na gcottages ag tabhairt ‘ na bhaile a gcuid móna. An trácht a ba mhó a bhíodh ar an tseanbhealach seo ná: beithígh, asail, cairteacha a ba ghnách a bheith ag tarraingt ar an cheárta a bhí ag Clann Mhic Gairbheith. Idir eagrán na Nollag agus eagrán Mhí na bhFuílleach den iris seo bhéarfaidh muid cuairt ar na teaghlaigh a bhí sa bhaile fearainn seo leathchéad bliain ó shin. Teaghlaigh Cheann na Leargaidh. Clann Mhic Giolla Bhríde ( Na Táilliúirí ). Cuirfidh muid tús le scéal Cheann na Leargaidh le beirt fhear ceirde a raibh tábhacht mhór ag baint lena gceird ag an am, mar a bhí an táilliúir agus an gabha. Ba táilliúir a bhí in Donchadh Mac Giolla Bhríde (Donchadh a ’ Táilliúir) agus ba ghabha a bhí in Aindí Mac Gairbheith (Aindí ‘ n Ghabha) agus a mhac Willie Aindí ’ n Ghabha. Rugadh Donchadh a ’ Táilliúir (Donnchadh Mac Giolla Bhríde) thíos in Ailt a ’ Chaorthainn sa bhliain 1906. Donchadh Beag a thugtaí air mar gurbh é Donchadh an t - ainm a bhí ar a athair fosta. Nancí an t - ainm a bhí ar a mháthair agus duine de mhuintir Chuilinn as Dún Dub- háin a bhí inti. Naonúr a bhí sa chlann, Bidí, Paidí, John, Prionsi, Micí, Donchadh, Dan, Máire, agus Jimí. Fear uasal a bhí in Donchadh a ’ Táilliúir. Bhí sé suaimhneach, séimh, stuama agus ionraic. Ina óige chaith Donchadh lear dena chuid ama nuair a bhíodh sé saor amuigh ar an fharraige ag iascaireacht, amuigh ar churach nó ag snámh. Ba ghnách leis fhéin agus le Frank Eoin, Paidí Phaidí Bhuaidh, Nochie Shéarlaí Phádraig agus Charlie Ann snámh ó Phól a ’ Nocsaí trasna go Fánaid corr Dhomhnach nuair a bhíodh an aimsir feiliúnach. Dul le Ceird . Bhí sé de rún ag Don- chadh bheith ina tháilliúir ó bhí sé ina ghasúr óg agus bhí sé beartaithe go bhfaigheadh sé a chuid traenála óna sheanuncail, Muiris Mac Giolla Bhríde, fear a bhí ina tháilliúir agus a raibh cónaí air ar fheirm bheag i gCluain tSaileach. D ’ fhoghlaim Muiris agus a dhearthá- ir Micí Mór, a gceird óna seanathair Seán Mac Giolla Bhríde, táilliúir taistil a tháinig a chónaí in Ailt a ’ Chaorthainn ó Ghlinsc i bhFánaid. Su- la raibh táilliúirí sa cheantar anseo thagadh an táilliúir taistil thart agus gheobhadh sé lóistín in cibé teach a mbíodh sé ag déanamh culaithe ann. Ar an drochuair fuair Muiris bocht bás nuair nach raibh Donnchadh ach thart fá trí bli- ana déag d ’ aois. Sin agus uile, char chuir sé Nancí (Máthair Dhonnchaidh)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3