Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 5 nóisean na ceirde as ceann Dhonchaidh agus nuair a bhí sé cúig nó sé bliana déag d ’ aois socraíodh go bhfaigheadh sé a chuid traenála óna cholceathair, John Dhonchaidh Mhícheáil, a bhí ina tháilliúir i gCluain tSaileach. D ’ fhoghlaim John a cheird ó Niall Ó Siadhail, mac le Niall an Táilliúir Rua as Fánaid, fear a bhí ar dhuine den triúr a bhí ainmnithe i ndúnmharú an Tiarna Liatroma. Chuaigh Donchadh a chónaí i dteach John, rud ba ghnách le fear a dhéanamh ag an am má bhí shúil aige an cheird a fhoghlaim. Chomh maith le bheith ag foghlaim a cheirde bhíodh air a bheith amuigh ag obair ar an fheirm, ag tabhairt lámh chuidithe le cibé a bhítí a dhéanamh. A Shaol mar Thailliúir . D ’ fhan Donchadh os cionn leathscór bliain ag obair le John sular thosaigh sé ag obair leis fhéin ar ais in Ailt a ’ Chaorthainn. Chaith sé cúpla bli- ain ansin sular pósadh é ar Mháire Ní Ghal- lachóir (Máire Thuathail) as Baile Láir sa bhliain 1933. Chuir siad fúthu sna Dúnaibh i dteach a cheannaigh siad ó mhuintir Duthie. Siopa gill (pawnshop) a bhí ann roimhe sin agus fear darbh ainm Tim Mac Eiteagáin a bhí ann. Thóg Don- chadh agus Máire a gclann sa teach sin, seisear mac agus iníon amháin, Antain, John, Paidí agus Éamonn atá ina gcónaí i gCeann na Leargaidh, Den atá ina chónaí in Ailt a ’ Chaor- thainn, Donchadh atá sa teach sin sna Dúnaibh ar tógadh an chlann ann agus Máire atá pósta i mBealach Féich. Ba í Máire an babaí a bhí luaite i scéal Mháire Bhoyde, an chnáimhseach, a bhí in eagrán 16 den iris seo. Bhí Máire Bhoyde ag súil go mbeadh an seachtú mac ag Máire Thuathail. Bhí triúr táilliúir san Íochtar fán am sin, John Dhonchaidh Mhícheáil, atá luaite cheana féin, Mícheál Mac Giolla Bhríde (Michael Hughie), garmhac le Micí Mór, agus Donchadh é féin, agus beirt san Uachtar, Den Pheter Fenny i gCarraig Airt agus Mícheál Ó Gal- lachóir i gCarraig, agus iad uilig gnóthach ó cheann ceann na bliana. Bhí- odh Donchadh ag obair ó naoi a chlog ar maidin go dtí naoi sa tráthnóna achan lá. Ba é An Domhnach an lá ba ghnóthaí sa tseachtain, nuair a thagadh daoine anall as na Tuatha agus as Fánaid. Bhí dúil ag muintir Fhánada sna brístí leathan, 30 orlach nó mar sin, agus sna seaicéid leis na pléataí ina gcúl. Bhí cuid mhór oibre ann ag déanamh na bpléataí sin. Bhí dhá inneall fuála aige agus iarann mór trom a chuireadh sé isteach sa tine le é a théamh agus umar uisce taobh amuigh den doras chun an t - éadach smúdála (mála plúir foscailte amach) a fhliu- chadh. Cheannaíodh Don- chadh an t - éadach do na cultacha ó “ Magee ” i nDún na nGall nó ó “ Foxton ” i mBaile Átha Cliath. Chuireadh sé isteach ordú ar an méid éadaigh a dhéanfadh b ’ fhéidir trí chulaith ag an am. Thagadh trí nó ceithre leabhar samplaí isteach achan bhliain agus théadh Donnchadh fríofa uilig. Sampla ar bith nach mbeadh sé sásta leis chaitheadh sé é ar shiúl sula bhfeicfeadh na cus- taiméirí é. Déarfadh sé i gcónaí nárbh fhiú am a chaitheamh ag déanamh culaithe mura raibh éadach den chéad scoith agat. Gheobhadh sé irisí ó “ Tailor & Cutter ” i Londain ina mbíodh altanna agus pictiúir de na faisin agus dhéa- nadh Donnchadh a phatrúin féin amach ó thre- oracha a bhíodh sna leabhair seo. Bhí táilliúir as Toraigh, a d ’ fhoghlaim a cheird in Acadamh “ Tailor & Cutter ”, ag obair le Mí- cheal Mac Giolla Bhríde am amháin agus ba mhinic an tráthnóna a chaith sé le Donchadh ag plé na ceardaíochta. Thagadh taistealaí áirithe thart achan bhliain ag cuartú ordaithe. Roimh thús an chogaidh tháinig duine acu ó “ Magee ” a raibh aithne mhaith ag Donchadh air agus chomhairligh sé dó éadach sa bhreis a cheannacht mar go n - éireodh sé daor agus gann. Ghlac Donchadh le- na chomhairle agus cheannaigh sé, is dócha, an Donchadh a ’ Táilliúir Máire Thuathail Tithe John, Phaidí agus Éamonn a ’ Táilliúir Teach Antain a ’ Táilliúir
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3