Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 6 méid éadaigh a bhí d ’ acmhainn aige agus chui- digh sin go mór leis i rith an chogaidh. Bhí cú- póin de dhith ort le culaith a fháil sna blianta sin, agus bhí na cúpóin de dhith ar an táilliúir leis an éadach a cheannacht. Bhí daoine éagsúla ag obair le Donchadh le linn na mblianta; a mhac Den, a lean ar aghaidh leis an táilliúireacht ina dhiaidh, a dheartháir Jimí, a chaith cúpla bliain ag obair leis, a mhac Donchadh a chuidíodh leis i ndiaidh am scoile nuair a ba ghnách leis gúshnáithe a chur i muin- chillí na seaicéid, agus a bhean chéile Máire i féin a chuidíodh leis an fhuáil nuair a bhíodh sé gnóthach. Na Custaiméirí. I measc na ngnáthchustaiméirí a bhí aige bhí an máinlia Mac Fhionnghaile, an tAthair Mac Eiteagáin agus na tiománaithe bus, Johnny Birney, Jim Carr, Phil Mac Giolla Bhríde agus Rogie Mac Suibhne. Cheannaíodh a bhfostóir, “ Swilly ”, an t - éadach agus dhéanadh Donchadh na cultacha, agus bhí an scéal mar an gcéanna leis na gardaí áitiúla. Fear eile a bhí ina ghná- thchustaiméir ná Paidí Shíle. Bhí sé ráite i gcónaí go raibh a fhios ag táilliúir nuair a dhéanfadh sé an chulaith dheireanach do dhuine inteacht ach níor labhair Donchadh mórán fá dtaobh de seo go dtí lá amháin nuair a chuaigh Paidí Shíle amach an doras i ndiaidh péire brístí úra a fháil déanta. Léim Donnchadh anuas den tábla (sin an áit a shuíodh táilliúir nuair a bhíodh sé ag cur na muinchillí i seaicéad agus tharraingeodh siad na muinchillí isteach ar a nglúine) agus dúirt sé le Máire, “ Sin na brístí deireanach a dhéanfaidh mé do Phaidí ”. Nuair a fuair Paidí bás trí mhí ina dhiaidh sin d ’ fhiafraigh Máire de cad é mar a bhí a fhios aige. “ Bhuel ” a dúirt Donchadh, “ Ag an am chéanna achan bhliain ó thosaigh mise ag obair sna Dúnaibh tháinig Paidí le péire brístí úra bréidín a fháil déanta, agus achan bhliain deir- eadh sé liom, ag magadh, gurbh iad na brístí deireanach a gheobhadh sé. An t - am seo níor dhúirt sé a dhath. Ghlac mise leis mar chomhar- tha ”. Teach úr i gCeann na Leargaidh . Cheannaigh Donchadh píosa talaimh i gCeann na Leargaidh agus thóg sé teach úr ann. Bhog an teaghlach isteach sa bhliain 1956. Ní raibh mórán tithe i gCeann na Leargaidh faoin am sin agus mar a dúirt Donchadh é féin, “ Dá mbeadh madadh crosta i do dhiaidh cha raibh fiú bollán a dtiocfadh leat dul i bhfolach ar a chúl ”. Lean sé ar aghaidh ag an táilliúireacht ar feadh 10 mbli- ana eile nó mar sin, go dtí go raibh a shláinte ag meath. Fuair Donchadh bás sa bhliain 1980 agus fuair a bhean chéile, Máire bás ag Nollaig na bliana 2001. Ar dheis lámh Dé go raibh a n - anamacha dílse. Clann Mhic Gairbheith. Ba sa chéad chottage i gCeann na Leargaidh a bhí cónaí ar chlann Mhic Gairbheith lá den tsaol. Ba é Pádraig Mac Giolla Bhríde (Pádraig Eoin Chonchúr) agus a bhean Máire Rua a bhí sa teach seo sul a deachaigh Clann Mhic Gair- bheith isteach ann. Mar atá ráite, gabha a bhí in Aindí Mac Gairbheith nó Aindí ‘ n Ghabh ’ mar ab fhearr aithne air. Bhí a cheárta anseo in aice lena chottage. i ndiaidh do Aindí agus dona mhac Willie bás a fháil díoladh an teach le teaghlach de na Young ’ s as Doire. Is le Joe Bradley an Cottage seo anois agus rinne sé athchóiriú mór air nuair a cheannaigh sé é. Ní chreidfeá a choíche gur cottage de chuid na Comhairle Contae a bhí ann. Ach nach deas an rud é go bhfuil an fhoirgneamh ina raibh an ceárta ansin go fóill ach ar an drochuair ní mórán de chuma an tseancheárta atá air taobh istigh. Ní raibh ach dhá cheárta sa pharóiste fá lár na gcaogaidí, ceann i nDuibhlinn Mór ag Davy John Graham agus an ceann seo i gCeann na Leargaidh. Cúlra Teaghlaigh. Ba as Fánaid a tháinig Aindí Mac Gairbheith agus shíolraigh sé ó dhaoine a raibh an cheird seo go smior iontu. Ní fios cén uair a chur siad futhú i bhFánaid ar dtús ach síltear gur ó Rath Donnchadh i gCeann na Leargaidh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3