Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 7 Mealtáine a tháinig siad. Bhí ainm Aindí agus a dheartháir Johnny ar leabhar rolla Scoil Dhroim Fhada (tá an scoil seo agus an baile fearainn sin ar an bhealach idir an Cheathrú Chaol agus Port A ’ tSalainn) fán bhliain 1900 ach ní raibh iomrá ar bith ar a dheartháir Davy ná James. Ní Aindí an t - aon duine den chlann a bhí ina ghabha, bhí a dheartháir Davy ina ghabha i gCarn, baile fearainn atá in aice le Droim Fhada, agus bhí deartháir eile leis Johnny ina ghabha i nDún Fionnachaidh. Nuair a tháinig Aindí Mac Gair- bheith go Ros Goill an chéad lá riamh am éigin sna tríochaidí ba ar an Mhachaire Bhig a chur sé faoi agus ba ansin a bhí a cheárta aige, in aice na háite a bhfuil cuid boithigh Ghordon Mhic Giol- la Choinnigh anois, sin ar chúl theach Ernie Bob. Ní raibh sé anseo ach cúpla bliain go dtí gur aistrigh sé go dtí an Mhuirleog agus bhí a cheárta agus cónaí air ansin san áit a bhfuil a theach úr tógtha ag Trevor Wilson anois, sin mac John agus Eileen a bhfuil cónaí orthu ar an Mha- chaire Bhig. Bhí seanbhallóg an tí seo ansin ar feadh blianta fada. Ach i ndiaidh tamaill a chaitheamh anseo d ’ aistrigh sé don uair dheir- eanach agus ba sin soir go Ceann na Lear- gaidh. Bhí Aindí pósta ar Chití Moore as Achadh Leataoibh agus seisear clainne a bhí acu: Willie, Aindí, Davey, Charlie, Letitia agus Cissie. Ní raibh mórán daoine sa pharóiste nach raibh aith- ne acu ar an fhear ba sine, Willie, mar gur eisean a thug leis ceird a athar agus d ’ oibrigh sé féin agus a athair i gcuideachta a chéile sa cheár- ta. Crois Throm. Fuair an chéad duine de na girseachaí, Letitia, bás den eitinn (T.B) nuair a bhí cónaí orthu ar an Mhuirleog agus bhí tubaiste ní ba mheasa le theacht mar ní raibh siad i bhfad i gCeann na Leargaidh nuair a sciob an galar céanna uathu in achar ghoirid Charlie, Cissie agus Davy. Nuair a bhí Charlie ar leaba ‘ n bháis tháinig Cissie, nach raibh mórán le naoi mbliana déag, ‘ na bhaile i ndiaidh lá oibre a dhéanamh in Óstlann Ros na Binne; d ’ imigh sí suas ‘ na staighre a luí agus ar a bealach suas di sheas sí agus d ’ amharc sí thart ar an chistin. Ba sin an amharc deireanach a fuair sí ar an chistin. Fuair sí bás ar an 17ú lá de mhí Iúil 1940 cúpla lá i ndiaidh dóibh Charlie a chur. Ní raibh sé i bhfad ina dhi- aidh sin go bhfuair Davy bás fosta. Rinneadh scrios ceart ar an chlann taobh istigh de roinnt blianta agus amach as seisear clainne ní raibh fágtha anois ach beirt mhac Willie agus Aindí Óg. Ba chrois throm a fágadh acu le hiompar agus ba bhuille tubaisteach a bhí anseo don teaghlach mar gur dhaoine iontach meidhreach croíúil a bhí iontu, daoine ar ghnách leo dam- hsaí a bheith acu ina dteach. Ba dhuine suaim- hneach macánta a bhí in seanAindí nár chuir is- teach ná amach ar aon duine ariamh agus maidir lena bhean dó ba bhean iontach modhúil ar fad a bhí inti. Níor phós Willie ariamh ach bhí Aindí óg pósta istigh i mBéal Feirste agus bhí triúr clainne aige ar ghnách cuairt a thabhairt ar Aindí Mac Gairbheith Sa phictiúr seo ina sheasamh ó chúl tá seanAindí Mac Gair- bheith agus ina shuí tá a bhean Cití, agus clann Aindí Óg ina gcuideachta - Ardan, Gilbert agus Alma.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3