Guth Ghoill, Eagrán 18
Nollaig, 2007 Eagrán 18 8 Cheann na Leargaidh go rialta - Gilbert, Ardan, agus Alma. Is deas an rud é go dtagann siad thart ar cuairt ar an cheantar seo go fóill agus sílim go bhfuil díomá orthu anois gur díoladh an sean- teach. An Obair sa Cheárta. D ’ obair seanAindí agus Willie go dícheallach sa cheárta, go minic ó bhreacadh an lae go luí gréine. Bhí éagsúlacht mhór ag baint lena gcuid oibre ach níl amhras ar bith nach raibh a dhath níos iontaí do shúile na n - óg ná an turas di- amhair a dhéanadh an píosa iarainn sin a chuirtí isteach sa tine go dtí go siúlfadh sé amach doras an cheárta ar chrúba an bheithígh, ba seo turas a bhí lán oilteachta agus cruthaíochta. Ba áit a bhí sa cheárta a bhí lán draíochta agus iontais don óige agus bhí boladh agus fuaimeanna ar leith a bhain leis. Bhí an boladh a tháinig ón tine ghuail, ó analú na mbeithíoch, ón iarann te ar an inneoin, ón ghaluisce a d ’ éirigh ón umar uisce i ndiaidh iarann te a chaitheamh isteach ann, an boladh láidir a tháinig ó chrúb dóite an bheithígh nuair a leagtaí crú dearg te air, agus cad é fá bhrimneach na mbeithíoch! Agus maidir le fuaimeanna de, bhain an dá ghabha agus iad ag bualadh le chéile ceol as an inneoin le casúr agus ord mór. Ba iontach an rithim a bhíodh leis an bhualadh nuair a bhíodh an bheirt acu ag bualadh le chéile, ord mór ag fear acu agus an casúr ag an fhear eile. Agus nuair a bhuaileadh siad ar iarann dearg te a bhí i ndiaidh a theacht amach as an tine théadh cith drithleoga a léimnigh agus a dhamhsa in achan treo. Dar ndóigh ní raibh páiste fán áit nach dearn seal ag tarraingt ar an mhaide a thar- raing aer as na boilg leis an tine a choinneáil lasta. Théadh cuid de na beithígh óga, nach raibh crúite orthu cheana, ar bhfiáin ar fad agus crú te a gcur ar a gcrúba don chéad uair. Lena gcur faoi smacht dhéantaí píosa de rópa a thean- nadh thart ar shrón an bheithígh. Nuair a bhí- odh beathach ag éírigh ar na cosa deiridh istigh sa cheárta bhíodh ár gcroíthe ‘ inne amuigh le heagla agus rachadh muid i bhfolach thiar faoi na boilg go dtí go socródh rudaí. Ba lá mór sa cheárta an lá a mbeifí ag déanamh fonsaí do rothaí cairte. Dhéantaí seo sa tSamhradh ar lá a bheadh breá tirim mar go gcaití tine a lasadh amuigh faoin aer. Bhí áit ar leith acu ar an ard taobh thuas den cheárta le seo a dhéanamh. Bhí log gearrtha sa talamh ar chruth an rotha agus ba ghnách an fonsa a chur isteach ann agus chuirtí tine mhóna ansin thart rith an bhealaigh ar an fhonsa go dtí go mbíodh an fonsa dearg te. ‘ Sé an fáth go mbíodh lúcháir ar an aos óg ar an lá áirithe seo ná gur ghnách leo prátaí a róstadh istigh sa tine a bhíodh thart ar an fhonsa. Thógtaí amach na prátaí as an tine seo agus leoga bhíodh an craiceann acu dubh dóite ach ar dhóigh éigin bhíodh blas deas ar na prátaí seo i gcónaí. Nuair a amharcaim ar ais tchím an fhoighid agus an dea - chroí a bhí in Willie agus in Aindí a chur suas linne ag léimnigh thart fán tine leath ar mire; bhíodh maidí briste móra ceártan á n - úsáid acusan agus bhíodh orthu an fonsa dearg te a thógáil amach as an tine go cúramach. D ’ imíodh siad leo an- sin síos an tsráid chomh tiubh géar is thiocfadh leo le é a chur ar roth cairte a bhíodh ina luí ar an tsráid. Dhéanfaí seo uilig faoi dheifir mar dá bhfuaródh an fonsa barraíocht chaithfí é a chur ar ais sa tine. Ní mórán amhail a bhí againne ar fhir a bhíodh ina suí ansin ar feadh an lae ag Charlie Mac Gairbheith An dara bean ó dheis - Cissie Ní Ghairbheith.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3