Guth Ghoill, Eagrán 18

Nollaig, 2007 Eagrán 18 9 feitheamh go gcuirfí fonsa ar a gcairteacha. Cé go raibh gabha in uachtar na paróiste, tharraing scaifte mór de bhunadh an uachtair ar cheárta Mhic Gairbheith rud a thaispeáin go raibh meas mór orthu. Bhí eallach acu fosta dár ndóigh agus d ’ obair siad go dícheallach ar an fheirm. Ba Willie ba mhó a rinne an obair feirme mar go raibh Aindí ag dul suas i mbliantaí. Bhíodh meitheal aige go minic le lámh chuidithe a thabhairt dó nuair a bhíodh an barr le sábháil. Athrú Saoil. D ’ athraigh an saol do Aindí agus do Willie i ndiaidh do Chití bás a fháil i 1962. Bhí ar Aindí níos mó ama a chaitheamh fán chistin anois mar go raibh dualgais chócaireachta air. Ach bhí saol an cheárta ag athrú fosta, ní raibh siad comh gnóthach anois agus ba ghnách leo a bheith mar go raibh tús a chur le ré nua - aimseartha, áit a raibh na tarracóirí níos cumhachtaí ná na beithígh. Rinne seanAindí na freagrachtaí a bhíodh air fán chistin a chomhlíonadh go maith agus rinne sé cinnte go raibh a gcuid béilí acu go rialta ag amanna ar leith. Ba mhinic fosta a thug siad a ndinnéar do dhaoine a mbíodh tamall fada caite acu fán cheárta ag feitheamh ar cibé a bhíodh siad a fháil déanta. i dtrátha a ceathair a chlog tráthnóna fosta, ba chuma cad é chomh gnóthach agus a bhíodh siad bhíodh tae beag acu. Níl mé cinnte c ’ acu an tae an rud a ba thá- bhachtaí ná an clár raidió a ba ghnách a bheith air i dtrátha an ama seo - ‘ The Archers ’. Ar aon nós thart fán am seo d ’ imeodh Aindí isteach ‘ na tí agus in achar ghoirid bhíodh sé amuigh arís ag tóin an tí agus scairteadh sé amach ‘ Willie, it ’ s on ’. Chaitheadh Willie achan rud uaidh láithreach, ní dhéanfadh sé difear ar bith cad é chomh gnóthach agus a bhíodh siad chaithfí éis- teacht leis na Archers. Bhíodh siad ag ól an té agus ag éisteacht agus corr gháire uathu thall agus abhus. Ansin ar an Domhnach chaitheadh siad páirt mhaith den lá ag glanadh an tí: ag scuabadh, ag ní agus ag cur snas ar rudaí. Deireadh Ré. Fágadh Willie ar a chuid féin i Mi Eanáir 1970 nuair a fuair Aindí bás agus é os cionn na ceithre scór. Ach fán am seo bhí ré an ghabha mar a bhí sé leis na cianta ag dul as aithne. Mar a dúirt mé bhí meas níos mó ar tharracóirí anois ná mar a bhí ar na beithigh agus ní raibh mórán feidhm le crúite a thuilleadh. Chaith Willie tréimhse ghoir- id ag fáil oiliúint ar tháthaire (welder) ach le bheith fírinneach cha deachaigh sé i dtaithí go rómhaith air ariamh agus is breá maith a bhí a fhios aige fhéin sin. Ach sin agus eile ní róshá- sta a bhíodh sé nuair a dhéantaí a chuid obair tháthaireachta a cháineadh agus go minic deir- eadh daoine rudaí mar ábhar magaidh le é a chur ag caint. Ag deireadh a shaoil chuaigh sé i muinín an ólacháin níos mó agus níos mó. Fuair an t - ólachán greim air agus, mar is dual don ólachán, d ’ fhág sé é in isle brí. Cé go bhfaca an saol Willie agus aoibh lách shuáilceach air bunús an ama sílim go raibh brón agus uaigneas ina chroí agus go raibh seo a chiapadh sna bliantaí deireanacha agus gur tháinig na heach- traí croíbhriste a bhain dena theaghlach na blianta roimhe sin ar ais lena chrá. Fuarthas Willie marbh sa leaba ar an 6ú lá d ’ Eanáir 1976. Fuair sé bás go huaigneach leis féin ach má tá an saol eile ann tá mé cinnte go bhfuil Dia ag amharc ina dhiaidh go maith mar go raibh sé lách, garach, dea - chroíoch, múinte, lán grinn, agus maith do pháistí. Curtha le chéile ag Aodh Mac Laifeartaigh agus Sorcha Uí Ghallachóir. Tá muid buíoch d ’ Éamonn Mac Giolla Bhríde, Annie Rooney, Violet Uí Ghallachóir, John Mac Willie Mac Gairbheith

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3