Guth Ghoill, Eagrán 19
Eagrán 19 Márta 2008 10 Taobh amuigh den Aontas Eorpach, tá suim mhór sa Ghaeilge mar theanga bheo Cheilteach sna tíor- tha eile, agus tá an Ghaeilge mar ábhar staidéir i gcuid de na hOllscoileanna. Tchínn siad an bhuntá- iste a bheadh leis an Ghaeilge ó thaobh fostaíochta san Aontas. Faoi láthair, tá Ollscoil Adam Mickie- wicz i Poznan na Polainne ag cuartú beirt léachtóir sa Nua - Ghaeilge sa bhreis ar an triúr atá ann i Roinn na Ceiltise. Tá ranganna Gaeilge ar siúl go leor áiteanna, agus i mí na Bealtaine anuraidh, bhí teacht le chéile i Frankfurt na Gearmáine ag a raibh ceithre scór duine as achan chearn den Eoraip agus ionadaithe ó na heagrais Gaeilge anseo in Éirinn - rugadh “ Gaeltacht Europe ”. Rinne Roinn na Gaeltachta agus eagraíochtaí na Gaeilge anseo ur- raíocht ar an ócáid, chomh maith le hAmbasáid na hÉireann i mBeirlín. Tá grúpa ansin i Frankfurt, DI- GRM - Deutsch Irische Gesellschaft Rhein - Main, a chuireann an Ghaeilge agus cúrsaí Gaelacha chun tosaigh, fear darbh ainm Marcus Metz ina bhun, fear a d ’ fhoghlaim a chuid Gaeilge anseo i dTír Chonaill agus a thagann anall go minic. Bhí na cainteoirí as an Ghearmáin agus as an Ostair chomh líofa, agus b ’ fhéidir níos líofa, ná muid féin. Sílim go minic go bhfuil níos mó measa ar an teanga s ’ againne ag daoine as tíortha eile ná tá againn féin. Tá bás na Gaeilge a thuar le céad bliain, ach tá sí beo go fóill. Is orainn féin atá an dualgas go mbeidh sí aitheanta mar theanga láidir, ag glacadh a háit i measc teangacha móra eile an domhain. Peigí Ryder. Lucsamburg Bhuel Bhuel!! Bhí Cáit (Ní Shibhleáin) Uí Dhomhnaill seasca ar an séú lá de mhí Eanáir. Is doiligh é a chreidbheáil go bhfuil Cáit seasca. “ Ní amharcann tú lá ar bith de a Cháit ”. Ba bhreá an dá oíche a chaith muid i dTeach Thrá Mór, ag ceiliúradh a lá breithe. Bhí sé cosúil le bainis as Toraigh. Bhí neart bia agus craic, go leor le ól, agus cheol muid agus dhamhsaigh muid go dtí lár na hoíche. Míle buíochas do Stiofán, Róisín agus an fhoireann uilig. D ’ amharc sibh inár ndiaidh go han - mhaith. Baineadh preab millteanach as Cáit nuair a chonaic sí an slua a bhí ansin roimpi agus ghlac sé tamall fada di fáil thairis. “ Tá sé tamall maith a Cháit ó chuir muid ceann trasna ortsa ”. Caithfidh muid gan dearmad a dhéanamh ar d ’ fhear chéile, Joe, mar bhí breithlá tábhachtach aige féin fosta. “ Sin a bhfuil le rá agam fá sin a Joe ”!! “ Bhuel a Cháit, tá súil againn gur thaitin an ceiliúradh leat. Bhí sé tuilte go mór agat. Tá súil againn fosta go mbeidh go leor blianta sonasach eile agat agus go nglacfaidh tú é go socair anois agus an ghrian ag dul síos ar chúl Thoraigh!! ”. Comhghairdeas leat a Cháit, ón teaghlach uilig.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3