Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 11 Máinigh Mhícheáil. Rugadh Máinigh i nDúmhaigh ar 29 Meitheamh, 1908 agus fuair sé bás ar 6 Nollaig, 2007. Rugadh agus rinneadh faire air sa teach céanna. Suaimhneas síoraí tabhair dó a anam a Thiarna. Bhí aois mhór aige agus bheadh muid uilig sásta dá ndéanfadh sé an céad ach tá mé cinnte go raibh fhios ag Máinigh go raibh a thuras déanta, agus bhí sé sásta glacadh le saoirse na síoraíochta. Shleamhnaigh sé uainn ag deireadh na bliana chomh ciúin socair cosúil mar a shleamhnaigh sé a churach go heasca éadrom suaim- hneach go minic tráthnóna samhraidh isteach ar Thrá Bháin Dhumhcha. Chuaigh Máinigh mar pháiste go scoil Dhoire a’ Chasáin nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus d’fhan sé ansin go raibh sé seacht mbliana déag. Sna blianta deireanacha ba i rith an gheimhridh a rachadh sé. Dúirt sé fhéin go raibh suim mhór aige sa scoil agus gur fhoghlaim sé go maith. Bhí sin soiléir ag duine ar bith a rinne comhrá leis. Bhí a eolas féin agus a thuairimí féin aige. Níor lean sé an tréad ariamh! Ba duine ne- amhspleách a bhí ann. Bhí suim aige sna rudaí a bhí ag tarlú ina phobal fhéin agus sa domhan mór. De réir an tseanfhocal “An té a bhíonn siúlach bíonn siad eolach - nó scéalach” Bhí Máinigh eolach agus scéalach. Chaith sé cuid mhaith dá shaol leis an ghutáil. Thosaigh sé sna Dúnaibh sa bhliain 1927 agus rinne sé an séasúr deireanach sa bhliain 1976. Lean sé na scadáin i mbailte iascaireachta ó Lerwick sna Shetlands síos go Lowestoft agus Yarmouth. Thosaigh an séasúr thuas i Lerwick i mí na Bealtaine agus chríochnaigh sé thíos i Yarmouth ag Samhain. Cha deachaigh Máinigh ariamh ar fostú ‘na Lagáin. Nuair a chuir mé ceist air fá sin dúirt sé nár mhaith leis a bheith scoite leis fhéin, a bheith ina dhuine aonarach ar fostú ag feirmeoir. B’fhearr leis i bhfad, cé go raibh an obair crua agus salach, an chuideachta agus an saol sóisialta a bhí aige gach séasúr i measc lucht an ghutála. Bhí scéalta aige fá rudaí a tharla i rith na séasúr sin. Bhí Séarlaí Mór (Séarlaí John Fheargail) leis bliain amháin díreach i ndiaidh an chogaidh. San am sin bhí bia agus gach rud eile breá gann. Is cosúil go raibh nóisean ag bean an tsiopa do Shéarlaí agus ba eisean a chuaigh chun an tsiopa achan lá leis an bhean bhocht a chur faoi dhraíocht agus earraí a fháil don chriú! Bhí scéal eile aige fán lá ar shíl an póilín i Londain gur dídeanaithe Giúdach a bhí i scaifte acu. Ba é sin i bhfómhair na bliana 1938. Labhair Máinigh ar a son agus chuir sé ar an eolas ceart é. “We’re not refugees” a dúirt sé, “We are Irish Fish Workers”. Fé mar a bheifeá ag brath ó dhuine a rugadh agus a tógadh ar imeall na farraige, bhí dlúth-cheangal ag Máinigh léithe. Chuaigh sé amach sa churach don chéad uair lena athair nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus bhí sé seacht mbliana agus ceithre scor ar a thuras deireanach. Ansin fhéin sílim go raibh ar an teaghlach na rámhaí a chur i bhfolach le é a choinneáil sa bhaile. Ach ní raibh eagla ar bith ar Mháinigh, mar a dúirt sé fhéin “Cha rachainn amach ach nuair a bheadh tráthnóna breá ciúin ann” Bhí coinsias sóisialta ag Máinigh agus chuir sé isteach chomh mór air an masla agus an droch íde a tugadh do mhná agus iad i mbun an ghutála. Bhí orthu obair ó dhubh go dubh agus go minic d’éireodh siad go luath le haire a thabhairt don teaghlach sula siúlfadh siad chun na nDúnaibh le dhul i mbun oibre. Bhí beagán foscaidh ar na stáisiúin, gan leithreas acu nó áit le cupa tae a fháil. Mar an gcéanna leis an iascaireacht. Bhí iascairí a gcur fhéin i gcontúirt agus iad ag tabhairt lastaí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3