Guth Ghoill, Eagrán 19
Eagrán 19 Márta 2008 12 maithe éisc chun na cé, agus ag deireadh an tséasúir fuair na hiascairí céanna an beagán airgid ar son a saothar. Ba mhinic Máinigh ag caint fá rudaí mar seo agus fearg air mar nach bhfuair na hoibrithe seo a gceart. Den chloigeann déag a bhí sa teaghlach tá duine amháin beo go fóill. Is í sin Sarah. Tá sí i mbarr a sláinte agus go fada buan go raibh an saol aici. Tá Máinigh imithe ar shlí na fírinne agus imithe leis ‘na huaighe tá cuid mhór de stair na háite. Bhí cruinn eolas aige ar chladaí, chosáin, chreagacha agus chnoic an cheantair. Tuigeann muid anois nach bhfuair muid go leor den eolas sin uaidh. Cuireann sé an chéad véarsa de dhán le Seán Ó Ríordáin, dar teideal “Rian na gCos” i gcuimhne domh. Anois ba mhaith liom bualadh leis Nuair nach féidir é, Ó dheas a gháibh sé an mhaidin sin, Aneas ní thiocfaidh sé. Suaimhneas síoraí agus solas na Glóire tabhair dó a anam dil. * * * Bhí ruaille buaille, gáire, magadh agus callán creathnach sa “foyer” agus daoine nár chas ar a chéile le blianta ag pógadh agus ag déanamh croí isteach ar a chéile agus iad uilig áthasach glórach. Bhí bunábhar oíche go maidin ann, gan dabht. Bhuel, seachas sos beag nuair a chuaigh achan duine le hiad féin a choiriú agus a dhéanamh suas, sin mar a chuaigh an tráthnóna, an oíche agus leoga an mhaidin lá arna mhárach, go dtí gur fhág muid an óstán le haghaidh a thabhairt ar ais ar an bhaile. Tháinig an oíche. Líon an halla mór suas go mall callánach. Go mall, a deirim, mar bhí sé rí-dhoiligh an dream a bhogadh ar shiúl ón bharra. Bhí daoine ag rith ó bhord go bord nuair a tchífeadh siad cara nó duine muinteartha, daoine eile ag siúl thart ag cuartú a gcairde agus chá raibh sin furasta mar bhí 700 againn cruinnithe sa halla galánta seo. An chéad rud a chiúnaigh síos muid nó pictiúir ar an scáileán mór de na Dúnaibh, agus báid bheaga ag John Carr – Pearsa Thír Chonaill, 2008 I mo sheasamh ag feitheamh le bus na nDúnaibh, agus mé lán áthais, chuaigh mo smaointe ar ais chuig am nach mbeadh mórán áthais ort agus tú ag fanacht le himeacht ar bhus na nDúnaibh. Le sin tharraing an bus suas. Joe Shéimí agus Páidí Bhoydie a bhí ann in áit Johnny Birney agus Jim Carr. Chuir siad mo mhála sa “bhoot” agus bhordáil mé an bus mar go raibh slua glórmhar gliondrach ag tabhairt aghaidh ar Óstán City West i mBaile Átha Cliath, áit a raibh Cumann Thír Chonaill ag bronnadh an gradam “Pearsa Thír Chonaill” ar John Carr as Gorta Móra, Ard-rúnaí an I.N.T.O. Nuair a thuirling muid den bhus ag “City West”, bhí Joan, bean chéile John, ansin ag cur fáilte romhainn, agus mhothaigh muid uilig cosúil le V.I.P’s. John Carr. Joan, John, Bridie agus Éamonn Gearóid Ó Luadhóg, John agus Pádraig Ó Luadhóg.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3