Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 13 seoladh go suaimhneach síos na bá. Nuair a tho- saigh an ceol binn brónach “Away behind the Ros- ses Hills the sun sank down to rest”, chluinfeá pi- onna ag titim sa halla mór lán sin. Bhain Liam Mac Diarmada, Oifigeach Cumarsáide an Chumainn, buntáiste as an tost le tús a chur le hobair oifigiúil na h-oíche. Labhair sé fá shlí beatha John agus a bhfuil bainte amach aige, ar a bhfuil déanta aige, an slí a oibríonn sé go dícheallach i gcónaí le leigheas a chur ar chúrsaí oideachais, agus ar an slí nach ndéanann sé dearmad ariamh gur as Contae Dhún na nGall é. Labhair Aodh Ó hEarcáin as an Chraoslach, Cathaoirleach an Chumainn, agus rinne sé cur síos ar shaol John ó d’fhág sé Scoil Dhoire a’ Chasáin. Bhí Timlín Ó Cearnaigh ag déanamh agallamh le Mícheál Mac Aodh fá John nuair a bhí sé ina ghasúr beag ar an scoil. Bhí John sa chéad rang a theagasc Mícheál nuair a tháinig sé go Scoil Dhoire a’ Chasáin. Bhí pictiúir de John, den scoil, de theach a thuismitheoirí agus lear mór eile ar an scáileán mór, agus darna achan seal li- geadh osna mór Ah-! ah-!-. Dúirt Mícheál go bhfuil bród mór air as a dhálta clúiteach, mar a bheadh leoga ar Mhadgie Ned agus Jack, beirt mhúinteoir eile den scoth, ach faraor nach maireann. Bhronn Síle Nic Fhionnghaile, Uachtaran an Chumainn, an Gradam ar Sheán, agus nuair a bhí deireadh ráite acu uilig, labhair sé féin. An chéad rud a dúirt sé ná go raibh muid uilig inchurtha le chéile inár n-óige sna Dúnaibh – ‘sé sin go raibh muid uilig bocht. Rud leoga a bhí. Níor rugadh aon duine againn le spúnóg airgid inár mbéil ach rud amháin atá cinnte, rugadh John le teanga ór ina bhéal. Labhair sé faoina mháthair, a athair, a dheartháir, a chomharsana, a mhúinteoirí, faoin timpeallacht, fa- oin cheantar, faoin teanga, agus faoi gach rud dear- fach álainn a raibh tionchar acu ar an duine atá ann anois. Chuir sé fáilte ar leith roimh Dan Logue, ‘sé sin Dan John Eoghain, an t-aon uncail atá fágtha aige. Ag éisteacht leis, bhí sé furasta a fheiceáil gur fear é a bhfuil meas mór aige ar na rudaí atá tábhachtach. Níl a fhios agam cén fhad a labhair sé, ach nuair a chríochnaigh sé, an rud amháin a bhí i mbéal achan duine ná nach n-éireofá tuirseach ‘choíche ag éisteacht leis. Agus, mar a déarfadh siad ar an Bhaile Lár “Chan den leac a ligh sé ‘n líofacht”. Bhí achan duine aontaithe go bhfuil sé ar óráidí chomh maith is atá sa tír. Tá sé paiseanta fá Ros Goill agus tá sé mar chuspóir aige daoine a mhealladh chun na h-áite agus méadú a dhéanamh ar thionscail na turasóireachta sa cheantar. Is mór an bród a bhí orainn uilig ag éisteacht le John agus nuair a bhí deireadh ráite, agus craobh ghloine cri- ostal ina ghlac, fuair sé bualadh bos iontach ón slua a bhí uilig anois ins seasamh ar a gcosa ag cheeráil in aird a gcinn. Ansin thosaigh muid ag ithe agus arís, béile iontach. “Rogha gach bidh agus sean gach dí”. Bhí Séamas Mac Aodha as Gaoth Dobhair ag cur an cheoil ar fáil agus chá raibh dhá nóta buailte aige go Joan, Cáit & Dan Ó Luadhóg, agus John. Marietta & Seán Ó hOireachtaigh agus Joe Shéimí. Nóirín, Finola, Dymphna, Máire agus Eibhlín

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3