Guth Ghoill, Eagrán 19
Eagrán 19 Márta 2008 14 banter arís. Chá raibh amhail ag aon duine ar an bhaile, nó ar an aistear go Tír Chonaill. D’fhág muid slán lena chéile trí nó ceithre huaire. Bhí an bus ag gabhail go Cill Dara chuig an chluiche. Bhí John ag doras an óstáin agus caithfidh go raibh sé marbh tuirseach, ach bhí miongháire mór air agus é ár gcuir slán abhaile. Bhí muid uilig ag fágáil na háite, ní mar a chuaigh muid, ach sé orlach níos airde, lear blianta níos óige, agus níos mó neart inár ngéaga. Is cúis mór ceiliúrtha dúinne i Ros Goill an gradam seo atá bronnta ar John. Guímis rath agus rathúnas agus coisriceadh Dé air. Sean nós nach maireann, a bhí sna Dúnaibh, ná an chéad mhac a ainmniú i ndiaidh a athair mór. Cha raibh caismirt ar bith fá ainm John. John a bhí ar an bheirt athair mór. Nach bródúil a bheadh siad inniu, sea, John Nohie agus John Eoghain. Finola Harte . raibh achan duine amuigh i lár an urláir. Bhí muid ag damhsa, ag ól, ag glacadh grianghraf, ag comhrá, an t-aos óg ag amharc chun cinn, an tseanmhuintir ag dul siar na blianta chuig a n-óige, agus char stad an damhsa go raibh sé chorr a bheith a trí a’ chlog ar maidin. Ach bhí sin luath. Lean an siamsa ar aghaidh sa bharra, áit a raibh Francie Ó Cuilinn agus Maria Nic Giolla Chomhaill ag ceol, ceoltóirí breátha, agus choinnigh siad an craic ag gabhail agus chuir siad aoibh iontach ar achan duine. Sa deireadh, cheol John Carr é féin “The road to Malinmore”, agus chan i gcúl an dorais a bhí sé ach oiread nuair a bhí an ceol a thabhairt amach. An bhfuil rud ar bith nach bhfuil an fear seo ábalta a dhéanamh? Chuaigh an chuid deireanach againn a luí am inteacht roimh éirí na gréine agus d’fhan John agus Joan ansin ag beannú oíche mhaith orainn go dtí nach raibh aon duine fágtha. Thart fán deich a’ chlog maidin Dé Domhnaigh, thosaigh an bricfeasta, an callán, an craic agus an Olivia & Proinsias Ó Cuilinn agus Ída & Joe John & Paidí Bhoydie - Maidin lá arna mhárach.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3