Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 15 chuimil sé a bhlagaid lena lámh sular chur sé é ar ais. Bhí sé ag baint suilt as an mhaidin agus ní raibh deifre ar bith air. “ Éistigí liom ”, a scairt sé. “ Tá bó an bhalbháin bacach. An ar bharra rotha a fuair tú í an fhad seo ”? a dúirt sé go searbhasach le Feadaímó? D ’ éist Feadaímó go foighneach leis an seitgháirí agus chuir sé iontas air chomh socair is a bhí sé ag mothú. D ’ amharc sé thart ar an slua agus d ’ aithin sé lear de na daoine a bhí bailithe thart orthu. Cé gur fear áitiúil a bhí i bhFeadaímó ní bheadh cuidiú ar bith ag teacht a bhealach uathu. Cinnte bhí meas acu dó ach sa choimhlint seo le Ambrose, bhí sé uilig faoi chlisteacht intinne agus ghliceas focal. Bhí an cumas sin aige nó ní raibh. Ní raibh baint ar bith ag seo le neart coirp, agus dá mbeadh, bhí go leor fir láidre sa pharóiste nach raibh unsa céille idir na cluasa acu. Rachadh na daoine uilig na bhaile tráthnóna agus an scéal iomlán leo. Bhí Feadaímó Phaidí Dhomhnaill cliste nó ní raibh, bhí sé ábalta a fhód a chosaint in éadan na gceannaitheoirí nó ní raibh. D ’ amharc Ambrose is- teach i súil Fheadaímó, ag súil le go bhfeicfeadh sé faitíos nó náire ach in áit sin chonaic sé fear gan eagla, ina raibh féinmhuinín go smior ann agus intleacht ag amharc ar ais chuige gan caoch ina shúil. “ Inseoidh mé duit cad é a dhéanfaidh mé, bhéarfaidh mé praghas fairiáilte duit ar an bhó ”. Thost an slua agus theann siad isteach. “ Bhéarfaidh mé seacht scilling duit uirthi ”, a dúirt sé, agus ná bí ag súil le go n - ardóidh mé an tairiscint sin, mar, cha ndéanaim ”. “ Bhuel, a Ambrose ”, a dúirt Feadaímó, “ is fada an lá thú ag freastal ar na haontaí seo agus cosúil leis an bhó seo tá cúpla rud caillte agat le haois. Tá adharc amháin caillte ag an bhó agus tharla sin di agus í ag cosaint a gamhain ó bhó mire a bhris isteach sa chuibhreann lá amháin. Nach dtaispeánann sin duit gur bó í seo a bhfuil spiorad inti. Tá adharc caillte aici cinnte, ach cad é ’ n difear a dhéanann sin do chaighdeán cuid bainne s ’ aici. Ní chuireann sé isteach ná amach ar an bhó. Clúdaíonn do hatasa do bhlagaid ach cha raibh dúil ar bith ag an bhó don bhairéad a chuir mé uirthi maidin inniu. Thosaigh an gháire agus chuaigh monabhar fríd an slua. Bhí a fhios acu uilig go raibh Ambrose tógálach ó thaobh a bhlagaid de. Dhearg aghaidh Ambrose ach choinnigh sé smacht ar fhéin. Tchím go bhfuil tú ábalta labhairt, a Ghasúir. Is maith sin, bheadh sé doiligh gnó ar bith a dhéanamh le balbhán. “ Ní bheidh mise ag déanamh gnó ar bith leatsa ”, a Ambrose, a dúirt Feadaímó. “ Tá do thairiscint tugtha agus tá sin anois diúltaithe. Coinnigh do sheacht scilling sprionlaithe agus ceannaigh cúpla cearc duit féin thíos ag bun na sráide. Anois, bog leat, mar tá bó le díol agamsa ”. Dhírigh Ambrose a mhéar ar Fheadaímó. “ Éist thusa liomsa ” a dúirt sé, ach bhris Feadaímó isteach air. “ An bhfuil tú bodhar, a Am- brose, nó an rud é nach bhfuil focal agat. Tá sé ráite agat nach n - ardófá do thairiscint agus glacaimse le sin ”. Chuir Feadaímó suas a lámh le cosc a chur le hAmbrose agus d ’ amharc sé thart ar an slua. “ Nach bhfuil fíor - cheannaitheoir i bhur measc ar chor ar bith? Duine a mbeadh a fhios aige cad é rud í bó bhainne ”. Shiúl sé thart ar an bhó, “ ná bígí buartha fá ruball s ’ aici, amharcaigí ar an úth sin. Sin úth a bhíonn lán achan mhaidin agus lán arís achan thráthnóna ”. Chuaigh sé síos ar a ghlúin agus tho- saigh sé ag bleán na bó. Tháinig an bainne uaithi ina tuile, ansin thiontaigh Feadaímó an ballán agus bhuail sé Ambrose idir an dá shúil le sruth bainne agus phléasc an gáire thart Feadaímó Tá Feadaímó ar an aonach i gCarraig Airt, agus ní don chéad uair dó; ach ba seo an chéad uair dó a bheith ag díol ainmhí, agus tá sé breá neirbhíseach faoin rud uilig. Ní hionann na haontaí ag an am sin agus aontaí an lá inniu. Ní raibh cean- tálaithe ar bith le do ghnó a chur i gcrích duit, agus bhí ort seasacht ar do chonlán féin. Thug Ambrose Mór a ’ Lagáin, ceannaitheoir clúiteach, Feadaímó faoi deara agus dhírigh sé isteach air. Bhí Feadaímó i ndiaidh a shúil a leagan ar chailín óg dhóighiúil agus bhí sé faoi dhraíocht nuair a tho- saigh Ambrose ag labhairt leis. Shíl Ambrose anois go bhfaigheadh sé an bua ar an fhear óg gan buaireamh ar bith agus leoga bhí an slua a bhí ag leanstan an chean- naitheora den tuairim céanna; ach ní mar a shíltear a bítear i gcónaí. Nuair a bhuail Ambrose buile eile ar ghualainn Fheadaímó agus dúirt “ hoi, a ghasúir, tá mé ag caint leat ”, bhris an buile an draíocht ina raibh Feadaímó gafa agus gan choinne bhuail sé cnag ar ghualainn Ambrose a chur eisean ar ais píosa. “ Labhair leat a ghuilpín gan mhúineadh ”, a dúirt Feadaímó, “ tá mé ag éisteacht leat anois ”. D ’ aithin Ambrose ón bhuile gur fear láidir a bhí os a chomhair ach ní neart coirp a sheasfadh dó sa choimhlint seo ach intinn aibí agus teanga ghéar. Chroith sé a ghuaillí agus thóg sé a dhá lámh in airde. “ Ciúnas, a chairde. In ainm Dé, nach bhfeiceann sibh go bhfuil ainmhí le díol ag an fhear óg seo. Ligigí dó labhairt ”. Thiontaigh sé thart ansin ag amharc ar an slua agus bhí lúcháir air nuair a chonaic sé go raibh achan duine ag éis- teacht leis. “ An bhfaca sibh ariamh ainmhí cosúil le seo ar aonach Charraig Airt. Tá mise ag freastal ar an aonach seo ó bhí Napóilean ina ghasúr agus chan fhaca mé a leithéid de bheithíoch ar shráid an bhaile bhig seo ”. Thosaigh cuid de na daoine ag gáirí agus choinnigh Ambrose ag dul leis an sruth cainte. “ Chuir Wellington múineadh ar Napóilean ag Waterloo trí bliana ó shin agus sílimse, le hamharc uirthi, go raibh an t - ainmhí seo istigh i lár an chatha sin ”. Bhris racht gáire ón slua, rud a tharraing tuilleadh airde ar chruachás Fheadaímó. “ An bhfuil sin ceart, a dhiúlaigh ”, a dúirt sé, “ ar chaill an ainmhí seo a hadharc i Waterloo ”? Shiúl sé thart ar an bhó. “ Ó Lorda, amharc ar ruball s ’ aici. An raibh seisreach ceangailte don ruball sin agat, a Stó- caigh ”? Rinne sé caochadh súil le fear eile a bhí ina sheas- amh ansin agus na scairteanna gáirí ag titim as. “ Cad é do bharúil, a Alex, an dtabharfá leathphingin ar an bhó seo ”? “ Bhuel, a Ambrose, an bhfuil sé socraithe agat gur bó atá ann ”? a d ’ fhreagair Alex agus thosaigh an bheirt acu ag gáirí. Ar an drochuair do Fheadaímó, bhog an bhó rud beag chun tosaigh agus bhí sé soiléir do achan duine go raibh sí bacach. Idir sin agus longadán a ceann, bhí cuma creathnach garbh uirthi. Thosaigh siosarnach cainte i measc an tslua agus iad ag feitheamh ar an chéad ionsaí eile ó Ambrose. Bhain Am- brose an hata mór dó, ghlan sé deoir allais óna éadan agus Carraig Airt

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3