Guth Ghoill, Eagrán 19
Eagrán 19 Márta 2008 16 orthu. Sheas Feadaímó, “ sin an méid a shíleann sí de do thairiscint, a Ambrose ”, a dúirt sé. “ B ’ fhéidir gur bhfearr duit bogadh sula mbaineann sí úsáid as an adharc amháin atá aici ”. Lig an bhó géim aisti ag an bpointe sin, rud a chur leis an ghreann. “ Anois, mar a bhí mé ag rá, ucht lán, dhá uair sa lá de bhainne agus dhá orla de uachtar ar bharr achan bhuicéad. Agus sula ndéanaim dearmaid, fathach de ghamhain tógtha aici achan bhliain. Níor dúirt mé ariamh go raibh sí dóighiúil, ach caitheann sí a cuid ama uilig idir an chuibhreann is an bóitheach is ní fheiceann an oiread sin daoine í. Cha raibh sí ariamh ar Aifreann linn agus má bhí tórramh nó bainis fán cheantar d ’ fhág muid an bhó sa bhaile ”. Chuaigh an gáire agus an comhrá fríd an tsráid. Bhí lúcháir orthu fear a fheiceáil ag seasacht a fhód in éadan Ambrose. Labhair Feadaímó amach go hard, agus thost an slua arís. “ Caidé ’ n mhaith é bó dhá adharc le curls ar a ruball muna bhfuil an bainne ag teacht uaithi ach braon ar bhraon ”. D ’ ardaigh sé a ghlór arís agus é ag amharc thart. “ Cá bhfuil an ceannaitheoir a bhfuil bó bhainne a dhíth air? Tháinig scairt ón taobh eile den tsráid. “ Cá mhéad a ghlactha ar an bhó iontach seo, a Stócaigh ”? Thiontaigh achan duine agus tháinig fear caol, ard chun tosaigh. Bhí hata mór air agus bhí cóta trom crochta ar a sciathán aige. Strainséir a bhí ann, rud a mhéadaigh suim na ndaoine, agus thug siad fairsinge do theacht chun tosaigh. “ Tá sé creathnach dímhúinte briseadh isteach ar ghnó beirte agus iad i mbun oibre ”, dúirt Ambrose. “ Tá do ghnósa críochnaithe i dtaca leis an fhear óg seo, de réir mar chluinimse cibé ”, dúirt an strainséir. Chuir sé amach a lámh chuig Feadaímó. “ Mícheal Ó Dubhaigh m ’ ainm agus tá a fhios agam gur Feadaímó atá ortsa. Chuala mé d ’ ainm luaite ag cuid de na daoine ”. “ Cad é mar atá tú, a Mhicheáil ”, a dúirt Feadaímó, “ chuir tú ceist agus bhéarfaidh mé freagra ”. Dírigh sé a mhéar ar Ambrose. “ Thug an sprionlóir sin seacht scilling mar thairiscint ar mo bhó. Mar sin de, ní glacfaidh mé leathphingin níos lú ná guinea agus ocht scilling uirthi ”. “ Cad chuige nár dúirt tú guinea agus seacht scilling ”? a dúirt Micheál. D ’ amharc Feadaímó air agus bhain sé dó a bhairéad. “ Mar, m ’ ainm le Dia, is guinea agus seacht scilling a bheas na bhaile liomsa tráthnóna, agus tá lá fada romham ar an aonach. Áit costasach is ea aonach agus clúdóidh scilling na costaisí sin domhsa ”. Thosaigh Mícheál ag gáire agus chuir sé a lámh ina phóca. “ Bhéarfaidh mise guinea is seacht scilling duit ar an bhó ” a dúirt sé, “ ach íocfaidh tusa as do spraoi féin ”. Tharraing sé mála beag leathair óna phóca agus chuntas sé amach roinnt airgid. “ Ní maith duit a bheith ag cuntas ” dúirt Feadaímó, “ chuir mé a luach uirthi agus sin sin ”. Chuir Micheál amach a lámh chuig Feadaímó. Bhí guinea coróin agus leathchoróin ina lámh. “ Beidh do lá amuigh agat ar réal nó fánfaidh tú ar cheannaitheoir eile, a Fheadaímó ”, a dúirt sé. Thaispeáin sé an mála do Fheadaímó. “ Má chuirimse an t - airgead ar ais sa mhála, ní fheicfidh tú arís é. Déan do chinneadh, a Ghasúir, tá mo lámh ag éirigh trom ”. Chuir Feadaímó amach a lámh agus thug Mícheál an t - airgead dó. “ Char mhaith liom an lá a chur amú imo sheasamh anseo ” a dúirt Feadaímó. “ Agus b ’ fhéidir fosta nach dtiocfadh ceannaitheoir eile chomh eolach leat mo threoirse go ceann tamaill ”. Chuir sé an t - airgead ina phóca, chaith sé seile ina lámh agus dúirt, “ cuir ansin é ”. Chaith Micheál seile ina lámh féin agus chroith siad lámha. Bhí an margadh déanta agus bhí Feadaímó breá sásta. Bhí a fhios aige i ndeireadh an lae go raibh fiúntas na bó faighte aige agus b ’ fhéidir leathchoróin sa bhreis. Bhuail Néill Dhoncha Mhóir buile ar ghualainn Fheadaímó. “ Buile fir ” a dúirt sé leis, “ lean tú an dream ceart go leor ”. Chroith Séamaí Sheáin Óig a lámh leis. “ Munar mhiste leat, a Fheadaímó, thig leat mo bhósa a dhíol fosta. ” Chuir Feadaímó, suas a lámh, “ stad ”, a dúirt sé. Tá mo sháigh de sin déanta agam do lá amháin ”. D ’ amharc sé thart ach cha dtiocfadh leis an cailín óg a fheiceáil. Níor thuig sé cad chuige a chur sin isteach chomh mór sin air mar níor leag sé súil uirthi, ach ar feadh soicind nó dhó, don chéad uair mai- din inniu. Thug sé an téad do Mhicheál, “ seo chugat do bhó ”, a dúirt sé, “ ní ligfidh sí síos thú ”. Thosaigh an slua ag briseadh suas nuair a labhair Ambrose. “ Ní mhairfidh tú i bhfad mar cheannaitheoir faoin taobh seo tíre, a dhiúlaigh, más sin an cineál airgid atá tú sásta a chaitheamh air ainmhí den tsórt sin. Ní bheidh toistiún de bhrabach agat uirthi ”. Stad achan duine, b ’ fhéidir nach raibh seo thart go fóill. D ’ amharc Mícheál ar Ambrose agus meangadh beag gáire ar a aghaidh. “ Níl aithne agam ort agus ón mhéid a chonaic mé, níl mé ag iarraidh aithne a bheith agam ort. Chonaic mé go leor de do shamhail agus tá a fhios agam go bhfuil tusa anseo chun rud amháin a dhéanamh, a Ambrose. Sin í an phingin is lú a thabhairt do na daoine seo ar na hainmhithe atá leo. Bhuel, ní hamhlaidh atá sé liomsa. Cheannaigh mise an bhó seo domh féin, agus is maith atá a fhios agam gur ainmhí maith atá inti. Tá mise sásta leis an mhargadh a rinne mé agus ní chuireann sé isteach nó amach orm fá caidé a shíleann tusa ”. Bheir sé ar théad na bó agus thiontaigh sé. “ Ó, a Fheadaímó, thobar go dear mé dearmaid, is í seo mo iníon Gráinne ”. Chuir sé amach a lámh agus tháinig an cailín galánta, a thug sé faoi deara níos luaithe amach as an slua. Sheas sí le taobh a athair, bhí miongháire ar a béal agus í ag amharc ar Fheadaímó. Ní raibh Feadaímó ábalta labhairt. Sheas sé ansin mar bhalbhán agus labhair Micheál arís. “ Abair ‘ hello ’ léi, a Fheadaímó, ní bhainfidh sí greim asat ”. Rinne Feadaímó iarracht ansin, agus thit ‘ Hello ’ beag íseal as a bhéal. “ Tá píosa talamh glactha agam ar an taobh seo de Ghleann, a Fheadaímó, b ’ fhéidir go dtabharfá cuairt orainn am éigin ”, a dúirt Micheál. Chuir seo iontas ar Fheadaímó. “ Déanfaidh mé sin cinnte ” a dúirt sé. Beidh an Chuid eile ins an chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3