Guth Ghoill, Eagrán 19
Eagrán 19 Márta 2008 17 Mar cheann de na h-imeachtaí a bhí a reáchtáil ag Céim Aniar do Sheachtain na Gaeilge bhí Maidin Caife as Gaeilge againn in Áras Ros Goill. Bhí lúcháir orainn go raibh slua mór i láthair, in ainneoin na drochaimsire, agus tógadh €500 ar an lá, airgead atá ag dul chun tairbhe na carthanachta “Anam Cara”, (tacaíocht méala do thuismitheoirí agus a gcuid páistí). Tá muid fíorbhuíoch dóibh sin uilig a tháinig amach, a chuidigh linn, agus a rinne an bácáil sobhlásta. Maidin le Caife Anna Mhic Rodaí, lena mic Pól agus Conchúir ag glacaint an seic don charthanacht “Anam Cara”.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3